Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - 10 Nollaig 2021
- Foilsithe: 10 Nollaig 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Cuireadh 4,115* cás deimhnithe COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.
Amhail 8am inniu, tá 511 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 110 acusan san aonad dianchúraim.
Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
"Tá cúrsaí an-éiginnte agus éagobhsaí mar gheall ar mhinicíocht ard COVID-19 in Éirinn arna thiomáint ag an leagan Delta atá thar a bheith in-tarchurtha. Is ábhar mór imní é seo agus muid ag fanacht le tuilleadh fianaise a bhaineann leis an leagan Omicron agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige.
"I láthair na huaire, bunaithe ar an bhfianaise atá ar fáil dúinn, creidimid go n-oibreoidh na bearta sláinte poiblí a bhfuilimid chomh eolach orthu chun tarchur an athraitheach Omicron a mhoilliú agus a stopadh, chomh maith leis an leagan Delta. Tugann comharthaí luatha le fios go dtabharfaidh teanndáileog den vacsaín COVID-19 cosaint mhaith in aghaidh ionfhabhtaithe ó Delta agus Omicron.
"Má tá tú incháilithe le haghaidh teanndáileoige den vacsaín COVID-19, glac an deis chun do vacsaín a fháil a luaithe agus a bheidh sí ar fáil duit. Ar an gcaoi chéanna, má tá tú fós ag fáil do chéad dáileog den vacsaín COVID-19, tar chun tosaigh chomh luath agus is féidir. Féadfaidh tú tuilleadh faisnéise a fháil faoin áit ar féidir leat do vacsaín a fháil, chomh maith le faisnéis iontaofa sláinte poiblí ar www.hse.ie, nó trí theagmháil a dhéanamh le do dhochtúir teaghlaigh nó le cógaslann áitiúil.
“Tá a fhios againn nach bhfuil fágtha ach coicís go dtí Oíche Nollag, tráth den bhliain nuair a bhíonn súil againn go léir teacht le chéile le cairde agus le muintir.
“Féadfaidh tú bearta a dhéanamh inniu agus sna cúpla lá amach romhainn a chinnteoidh caidreamh sábháilte le do ghaolta i rith na Nollag.
"Déan measúnú riosca ar na timpeallachtaí a bhfuil sé beartaithe agat a bheith iontu sa choicís amach romhainn - smaoinigh an dtugann siad an deis tú féin a chosaint le gach sraith den chomhairle sláinte poiblí agus más féidir leat:
- Seachain sluaite agus laghdaigh do theagmhálacha
- Caith masc lena n-áirítear i dtimpeallachtaí plódaithe lasmuigh
- Coinnigh anach ó dhaoine má bhraitheann tú neamhshábháilte
- Oscail fuinneoga agus seachain spásanna faoi dhíon atá aeráilte go dona
- Nigh do lámha go rialta
NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR
Ní bhíonn tionchar ag éagsúlacht ó lá go lá ar líon na gcásanna COVID-19 a thuairiscítear ar phríomhanailís treochta. Déanann anailísiú thar thréimhse ama níos faide mar sheachtain nó 14 lá, réidh le haon athruithe a thugtar isteach le hamanna próiseála, agus soláthraíonn sí pictiúr níos cobhsaí den treocht.
Beidh líon na bhfógraí maidir le CIDR difriúil ó fhoinsí sonraí FSS eile, mar shampla torthaí dearfacha SARS-CoV-2 arna n-uaslódáil chuig Rianaire Cúraim COVID, ar chúiseanna éagsúla lena n-áirítear:
- Dídhúbláil ar thástálacha dearfacha leantacha sa duine céanna
- Sceidil uaslódála éagsúla ag na saotharlanna chuig CCT agus CIDR - déantar taifid dhearfacha a uaslódáil chuig CCT de láimh, ní amhlaidh an cás le CIDR. Is gnách go ndéantar uaslódáil ar CIDR ar an lá nó laistigh de lá amháin ó údarú thoradh na tástála saotharlainne
- An t-am a ghlacann sé chun an modh dhá chéim fógraí ar CIDR a phróiseáil - tarlaíonn sé seo de ghnáth ar an lá nó laistigh de lá amháin ó uaslódálann saotharlanna taifid dhearfacha ar CIDR
- D'fhéadfadh líon na gcásanna laethúla athrú de bharr bailíochtú sonraí sa todhchaí.