Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - 16 Nollaig 2021
- Foilsithe: 16 Nollaig 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Cuireadh 4,141* cás deimhnithe COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.
Amhail 8am inniu, tá 443 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 108 acusan san aonad dianchúraim.
Tar éis tuilleadh bailíochtaithe sonraí, rinneadh líon iomlán na gcásanna Omicron a deimhníodh trí sheicheamh géanóm iomlán in Éirinn go dtí seo a athbhreithniú síos go 39 cás deimhnithe.
Notaí
Ní bhíonn tionchar ag éagsúlacht ó lá go lá ar líon na gcásanna COVID-19 a thuairiscítear ar phríomhanailís treochta. Déanann anailísiú thar thréimhse ama níos faide mar sheachtain nó 14 lá, réidh le haon athruithe a thugtar isteach le hamanna próiseála, agus soláthraíonn sí pictiúr níos cobhsaí den treocht.
Beidh líon na bhfógraí maidir le CIDR difriúil ó fhoinsí sonraí FSS eile, mar shampla torthaí dearfacha SARS-CoV-2 arna n-uaslódáil chuig Rianaire Cúraim COVID, ar chúiseanna éagsúla lena n-áirítear:
- Dídhúbláil ar thástálacha dearfacha leantacha sa duine céanna
- Sceidil uaslódála éagsúla ag na saotharlanna chuig CCT agus CIDR - déantar taifid dhearfacha a uaslódáil chuig CCT de láimh, ní amhlaidh an cás le CIDR. Is gnách go ndéantar uaslódáil ar CIDR ar an lá nó laistigh de lá amháin ó údarú thoradh na tástála saotharlainne
- An t-am a ghlacann sé chun an modh dhá chéim fógraí ar CIDR a phróiseáil - tarlaíonn sé seo de ghnáth ar an lá nó laistigh de lá amháin ó uaslódálann saotharlanna taifid dhearfacha ar CIDR
- D'fhéadfadh líon na gcásanna laethúla athrú de bharr bailíochtú sonraí sa todhchaí.