English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - 21 Deireadh Fómhair 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 21 Deireadh Fómhair 2021
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu faoi 2,029 cás dearbhaithe de COVID-19.

Amhail 8rn inniu, tá 448 othar a bhfuil COVID-19 orthu san ospidéal, a bhfuil 88 acu in Aonad Dianchúraim.

Tá an meán gluaisteach 5 lá cothrom le 1,906.

Dúirt An Dochtúir Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, An Roinn Sláinte:

“Tá méadú suntasach feicthe againn maidir le tarchur le coicís anuas. Faoi láthair tá níos mó ná 500 cás againn in aghaidh gach 100,000 den daonra agus tá minicíocht an ghalair ag méadú i ngach aoisghrúpa agus i ngach cuid den tír.

“Tá vacsaíní COVID-19 an-sábháilte agus éifeachtach ag cosaint i gcoinne ionfhabhtaithe troma agus molaim d'aon duine atá fós le ceann a fháil teacht chun tosaigh agus an deis a thapú chun é sin a dhéanamh a luaithe is féidir. Mar sin féin, ní chuireann vacsaíní deireadh le tarchur an ghalair agus fós is féidir le daoine atá vacsaínithe go hiomlán COVID-19 a phiocadh suas agus a tharchur. Tá sé tábhachtach go leanfaimid orainn ag leanúint comhairle sláinte poiblí mar tá a fhios againn nach leor an vacsaíniú leis féin, fiú le leibhéil an-ard i líon na ndaoine atá á vacsaíniú, chun an galar a chur faoi chois. Seo an chomhairle shoiléir atá ar fáil ón ECDC chomh maith.

“Agus sinn ag teacht isteach sa deireadh seachtaine bainc, bí cúramach faoi thrí rud – áiteanna plódaithe le go leor daoine in aice láimhe, suíomhanna dlúththeagmhála - go háirithe sa chás ina bhféadfadh daoine a bheith neamhvacsaínithe, agus spásanna cúnga agus iata le droch-aeráil.

“Tá sé thar a bheith tábhachtach go ndéanann daoine atá i mbaol mór ionfhabhtaithe an ghalair fiú nuair a dhéantar vacsaíniú orthu, mar dhaoine scothaosta, a gcuid gníomhaíochtaí a phleanáil agus na fachtóirí riosca a aithint, go háirithe i suíomhanna laistigh. Má tá sé ar intinn agat bualadh le daoine eile laistigh, cinntigh go bhfuil an seomra aeráilte go maith. Lean ort ag caitheamh masc nuair is cuí, nigh do lámh, bainistigh do theagmhálacha, agus coinnigh d'achar sóisialta. Tá sé an-tábhachtach suíomhanna plódaithe a sheachaint nuair is féidir, go háirithe laistigh. Má tá tú i dtimpeallacht nach mbraitheann sábháilte, mothaigh go bhfuil sé de chumhacht agat imeacht.

“Cuimhnigh má tá aon fhiabhras, casacht nó siomptóim cosúil le fliú ort, féin-aonraigh - ná buail le daoine eile nó ná freastail ar aon imeachtaí - agus eagraigh tástáil PCR trí Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a luaithe is féidir.