Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí
- Foilsithe: 10 Meán Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Níor tuairiscíodh aon bhás nua don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.
Tá 1,781 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn.
Amhail meán oíche Dé Céadaoin an 9 Meán Fómhair, cuireadh 196 cás deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 30,360 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
De na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
- is fir iad 103 / is mná iad 91 díobh
- tá 61% faoi bhun 45 bliana d’aois
- deimhnítear go bhfuil baint ag 43% le ráigeanna nó gur dlúth-theagmhálacha iad le cás deimhnithe
- aithníodh 37 cás mar thras-seoladh pobail
- 107 i mBaile Átha Cliath, 12 i bPort Láirge, 11 i Luimneach, 8 i gCill Mhantáin, 7 sa Mhí, 7 i gCill Dara, 6 i Laois, 6 san Iarmhí, agus tá na 32 cás eile lonnaithe sa Chabhán, An Clár, Dún na nGall, Gaillimh, Cill Chainnigh, Liatroim, an Longfort, Lú, Maigh Eo, Muineachán, Uíbh Fhailí, Ros Comáin, Tiobraid Árann agus Loch Garman
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Príomhoifigeach Gníomhach Leighis, an Roinn Sláinte:
"Inniu tá 37 cás ar a laghad againn atá nasctha le tarchur pobail. Tá 27 de chásanna an lae inniu os cionn 65 bliain d’aois. Trí ár dteagmhálacha a theorannú, cuirimid teorainn leis an deis atá ag COVID-19 scaipeadh tríd an bpobal agus cosnaímid ár dteaghlaigh, ár bpobail agus iad siúd is leochailí maidir leis na héifeachtaí is measa den ghalar."
CRÍOCH