Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - 4 Feabhra 2020
- Foilsithe: 4 Feabhra 2020
- An t-eolas is déanaí: 15 Nollaig 2020
Tháinig an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí le chéile sa Roinn Sláinte tráthnóna inniu, Dé Máirt an 4 Feabhra, chun athbhreithniú a dhéanamh ar na sonraí agus an treoir idirnáisiúnta atá ar fáil maidir leis an ráig den Choróinvíreas nua (2019-nCoV) in Wuhan, an tSín, agus chun athbhreithniú a dhéanamh ar ullmhacht leanúnach na hÉireann ar aon dul leis an gcomhairle ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte agus ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú.
Tá Éire in áit mhaith chun aon chás a d’fhéadfadh teacht chun cinn anseo i leith an Choróinvíris nua (2019-nCoV) a bhrath agus chun freagairt d’aon chás den sórt sin. Níl aon chásanna deimhnithe ann in Éirinn go fóill.
Tugadh faoi deara gur bunaíodh Sainghrúpa Comhairleach chun feidhmiú mar fhoghrúpa saineolach a thabharfaidh comhairle don Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí, d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus do dhaoine eile. Is amárach, Dé Céadaoin an 5 Feabhra, a thionólfar an chéad chruinniú de chuid an tSainghrúpa Chomhairligh. Beidh an Sainghrúpa faoi chathaoirleacht ag an Dr Cillian de Gascun, Stiúrthóir Saotharlainne ag an tSeirbhís Tagartha Náisiúnta maidir le Víris.
Leanfaidh Éire le faireachán a dhéanamh ar an staid agus le páirt a ghlacadh sa mheasúnú idirnáisiúnta ar an bhfreagairt don Choróinvíreas nua seo (2019-nCoV), atá faoi stiúir ag an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú agus ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte.
Tiocfaidh an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí le chéile an athuair Dé Máirt an 11 Feabhra.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir:
Ní sholáthrófar aon fhaisnéis faoi theagmhais aonair inar cuireadh na pleananna seo i mbun feidhme ná faoi aon chásanna a bhaineann leis an gCoróinvíreas nua (2019-nCoV), seachas cásanna deimhnithe.
Cuirtear an fhaisnéis is déanaí faoin gCoróinvíreas nua (2019-nCoV) le suíomh Gréasáin an Ionaid Faireachais um Chosaint Sláinte gach lá ag 13.00. Tabhair cuairt ar HPSC.ie
Is féidir go rachaidh suas le 14 lá thart sula mbeidh siomptóim Choróinvíris le brath.
Is féidir go n-áireofar iad seo a leanas leis na siomptóim sin:
- casacht
- giorra anála
- deacrachtaí análaithe
- fiabhras (ardteocht)
- Is féidir le Coróinvíreas a bheith ina chúis le tinnis níos déine freisin, lena n-áirítear iad seo a leanas:
- niúmóine
- géarshiondróm trom riospráide
- cliseadh duánach
Áirítear iad seo a leanas leis na nithe is féidir leat a dhéanamh chun tú féin a chosaint ar Choróinvíreas:
- nigh do lámha i gceart agus go rialta
- cumhdaigh do bhéal nó do shrón le ciarsúr páipéir nuair a dhéanann tú casacht nó sraoth
Nigh do lámha i gceart agus go rialta le gallúnach agus uisce nó le glóthach láimhe alcólbhunaithe:
- tar éis duit casacht nó sraoth a dhéanamh
- tar éis duit an leithreas a úsáid
- sula n-íosfaidh tú
- sula réiteoidh tú bia agus tar éis duit bia a réiteach
- má tá tú i dteagmháil le duine breoite, go háirithe duine a bhfuil siomptóim riospráide air/uirthi
- má tá do lámha salach
- má láimhseáil tú ainmhithe nó cac ainmhí