An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - An 21 Meitheamh 2020
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Níor tuairiscíodh aon bhás nua don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.
Tá 1,715 básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.
Amhail meán oíche Dé Sathairn an 20 Meitheamh, cuireadh 6 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 25,379* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.
Soláthraíonn Painéal COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
CRÍOCH
- Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh cás amháin. Léiríonn an figiúr de 25,379 cás é seo.