Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Céadaoin 05 Eanáir 2022
- Foilsithe: 5 Eanáir 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte Inniu faoi 17,656* cás dearbhaithe de COVID-19.
Amhail 8rn inniu, tá 928 othar a bhfuil COVID-19 orthu san ospidéal, a bhfuil 94 acusan in Aonad Dianchúraim.
Is é 5,952 líon iomlán na mbásanna a bhaineann le COVID-19 in Éirinn. Áirítear leis seo 40 bás a fógraíodh le seachtain anuas (ón gCéadaoin seo caite).
Dúirt an Dochtúir Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, An Roinn Sláinte:
“Is cúis imní an líon méadaitheach daoine a bhfuil COVID-19 orthu a fheiceáil san ospidéal. Ciallaíonn sé seo go bhfuil ár n-iarrachtaí comhchoiteanna chun an chomhairle sláinte poiblí a leanúint fós an-tábhachtach. Tá a fhios agam go ndearna go leor duine am luachmhar le cairde agus le teaghlaigh a íobairt chun iad féin agus an pobal i gcoitinne a chosaint. Tá na hiarrachtaí leanúnacha seo ag cuidiú le leathadh an víris seo a mhoilliú agus cosnóidh siad go leor duine ón ionfhabhtú sna seachtainí atá amach romhainn.
“Cosnóidh an teanndáileog vacsaíne COVID-19 formhór na ndaoine ó dhroch-ghalar. Tá an clár teanndáileoige oscailte anois do gach duine atá 16 bliana d’aois agus níos sine. Mura bhfuil tú vacsaínithe go hiomlán fós nó má tá teanndáileog fós le fáil agat, tapaigh an deis seo chun tú féin a chosaint a luaithe is féidir.
“Is í an tslí is fearr le go bhféadfaimis go léir fanacht sábháilte agus leanúint ar aghaidh ag cosaint ár ngaolta sna seachtainí atá amach romhainn ná féin-aonrú láithreach má thagann siomptóim ort, do theagmhálacha sóisialta a choinneáil chomh íseal agus is féidir, gníomhaíochtaí ardriosca agus timpeallachtaí droch-aeráilte a sheachaint agus leanúint de na bearta sláinte poiblí go léir a leanúint a bhfuil fhios againn gur féidir leo stop a chur le leathadh COVID-19.”
CRÍOCH
Tá staitisticí ar vacsaíní teanndáileoige ar fáil anois ar an mol sonraí COVID-19. #CosaintIlshraitheach chun tú féin a chosaint ó ionfhabhtú COVID-19. Tá réimse póstaeir agus comharthaí ar fáil duit le húsáid.
- I bhfianaise na minicíochta ard atá ann faoi láthair, tá líon na gcásanna laethúla bunaithe ar thorthaí dearfacha SARS-CoV-2 a uaslódáladh chuig an Rianaire Cúraim COVID FSS an lá roimhe sin. Tá na sonraí seo sealadach. Leanfaidh an HPSC agus na comhpháirtithe faireachais ag tabhairt fógra agus ag próiseáil cásanna agus ráigeanna de COVID-19 ar CIDR le linn na tréimhse seo.