English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Céadaoin 17 Samhain 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 17 Samhain 2021
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu faoi 3,633* cás dearbhaithe de COVID-19.

Amhail 8rn inniu, tá 634 othar a bhfuil COVID-19 orthu san ospidéal, a bhfuil 119 acu in Aonad Dianchúraim.

Fógraíodh 5,609* bás san iomlán bainteach le COVID-19 in Éirinn. Áirítear leis seo 43 bás a fógraíodh le seachtain anuas (ón gCéadaoin seo caite).

CRÍOCH

  • D'fhéadfadh líon na gcásanna laethúla athrú mar gheall ar bhailíochtú sonraí sa todhchaí