Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Céadaoin 18 Lúnasa 2021
- Foilsithe: 18 Lúnasa 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas inniu faoi chásanna dearbhaithe 1861 * de COVID-19.
Amhail 8am inniu, tá 249 othar COVID-19 san ospidéal, a bhfuil 54 acu san aonad dianchúraim.
Go dtí seo, fógraíodh bás 5,074 san iomlán maidir le COVID-10 in Éirinn.
Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifgeach Leigh, an Roinn Sláinte:
“Tá líon na n-othar le COVID-19 san ospidéal agus san aonad dianchúraim ag méadú i gcónaí le seachtainí beaga anuas. Faoi láthair, tá 43% d’othair le COVID_19 san aonad dianchúraim níos óige ná 50 bliain d’aois. Is meabhrúchán lom é seo dúinn go léir leanúint de bheith ag cloí leis an treoir sláinte poiblí agus a chinntiú go bhfaighidh muid an dá dháileog den vacsaín COVID-19 a luaithe a thairg sí
“Ar an iomlán, tá na figiúrí maidir le daoine atá vacsaínithe inár daonra an-ard, go háirithe sa chohórt os cionn 60 bliain ar tairgeadh a gcuid vacsaíní dóibh ar dtús. Ar an drochuair, tá minicíocht an ghalair ag méadú ar fud gach aoisghrúpa.Tá vacsaíní COVID-19 ag cinntiú go ndéantar iad siúd atá vacsaínithe go hiomlán a chosaint ón ngéarbhreoiteacht agus drochthorthaí a bhaineann leis an ngalar seo. Maidir le gach cás dearbhaithe i duine atá vacsaínithe go hiomlán, tá a fhios again go bhfuil vacsaíní ag cosc thar tar 4 chás eile.
"Léirítear arís agus arís eile sa tír seo gur féidir linn slabhraí tarchuir COVID-19 a bhriseadh agus orainn féin agus ár ngaolta a chosaint trí thacú lena chéile chun cloí leis na gcomhairle sláinte poiblí. Má tá aon siomptóm agat a léiríonn go bhféadfadh COVID-19 a bheith agat cosúil le casacht, fiabhras, scornach tinn, srón blocáilte nó slaghdán – leithlisigh agus faigh tástáil láithreach. Déan pleananna sóisialta atá sábhailte agus measúnú riosca mar a théann tú, buail le daoine eile lasmuigh más féidir i ngrúpaí beaga agus seachain sluaite. Más rud é nach mbraiteann tú sábháilte, fág an áit."
CRÍOCH
- D'fhéadfadh líon na gcásanna laethúla athrú de bharr bailíochtú sonraí sa todhchaí.