Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Céadaoin 22 Nollaig 2021
- Foilsithe: 22 Nollaig 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá fógra tugtha inniu don Lárionad Faire um Chosaint Sláinte faoi 6,307* cás deimhnithe de COVID-19.
Amhail 8am inniu, tá 429 othar COVID-19 san ospidéal, 100 díobh san ICU.
Fógraíodh 5,890 bás a bhain le COVID-19 in Éirinn. Áirítear leis seo 55 bás a fógraíodh le déanaí - le seachtain anuas (ón gCéadaoin seo caite i leith).
Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Míochaine na Roinne Sláinte:
“Léirigh ár dtaighde le déanaí go bhfuil athbhreithniú déanta ag go leor daoine ar a gcuid pleananna don Nollaig, laghdaigh siad a dteagmhálacha sóisialta agus gur athraigh siad a bpleananna nó gur chuir siad siar pleananna chun iad féin agus a gcuid is a gcairde a chosaint. Is íobairt mhór í seo atá déanta ag go leor agus a dhéanfaidh go leor daoine chun muid go léir a chosaint thar thréimhse na Nollag.’’
‘’Tá sé tábhachtach go gcuimhnímid go mbeidh COVID-19 fós ag scaipeadh ar ardleibhéal tar éis na Nollag agus isteach san Athbhliain, agus cé gur teachtaireacht dheacair í a chloisteáil, ní mór dúinn go léir leanúint ar aghaidh ag coinneáil ár dteagmhálacha sóisialta íseal agus ár ndícheall a dhéanamh chun leanúint ar aghaidh ag cloí leis an gcomhairle sláinte poiblí.’’
‘’Tá a fhios againn go bhfuil iarracht mhór á déanamh ag ár ndaoine óga gníomhú go freagrach agus an chomhairle sláinte poiblí a leanúint agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil leo as a gcuid iarrachtaí suntasacha. Tá sé fíorthábhachtach go gcuimhnímid go léir nach bhféidir an locht a chur ar aon duine ná grúpa ná rud ar bith as an gcás ina bhfuilimid, seachas an víreas COVID-19.’’
“Tá an vacsaíniú teanndáileoga ag luasghéarú ar fud na tíre agus is ábhar misnigh na híomhánna a fheicimid de dhaoine i scuaine le haghaidh vacsaíne, ag tabhairt tosaíochta don choinne sin roimh an Nollaig. Cloígh, le do thoil, leis na bearta go léir gur eol dúinn go n-oibríonn siad agus muid ag dul tríd na seachtainí deacra atá romhainn, lena n-áirítear freastal ar vacsaíniú.’’
“Má thaispeánann tú aon chomharthaí de COVID-19, cé chomh éadrom, déan féin-aonrú agus eagraigh tástáil PCR chomh luath agus is féidir. Is é seo an píosa is tábhachtaí den chomhairle bhunúsach sláinte poiblí. Ná buail le daoine eile ná cuir i mbaol COVID-19 iad ná baol galair riospráide eile. Ná bí ag brath ar thástáil diúltach antaigin mar chúis gan aonrú a dhéanamh.’’
Déan na bearta bunúsacha chun tú féin agus do mhuintir a chosaint ar ionfhabhtú:
- Aonrú sóisialta
- Oibrigh ón mbaile, más féidir leat
- Seachain sluaite daoine
- Cinntigh go bhfuil spásanna amuigh faoin aer agus spásanna iompair poiblí aeráilte (oscail fuinneoga)
- Sláinteachas láimhe agus riospráide
- Caith masc aghaidhe
- Fan sa bhaile agus aonraigh thú féin má tá siomptóim ort
CRÍOCHA
Tá staitisticí ar vacsaínithe teanndáileog ar fáil anois ar an mol sonraí COVID-19.
LayerUp chun thú féin agus daoine eile a chosaint ar ionfhabhtú COVID-19. Tá réimse póstaer agus comharthaí ar fáil duit le húsáid.
- Ag súil le líon mór cásanna sa tréimhse amach romhainn, ón lá inniu, 22 Nollaig, beidh an líon cásanna laethúil a fhógraítear bunaithe ar thorthaí dearfacha SARS-CoV-2 a uaslódáiltear chuig Rianaire Cúraim COVID de chuid an FSS an lá roimhe sin. Is sonraí sealadacha iad na sonraí seo agus ní hionann iad agus cásanna a chuirtear in iúl. Leanfaidh HPSC agus comhpháirtithe faireachais ar aghaidh ag cur cásanna agus ráigeanna COVID-19 ar CIDR in iúl agus iad a phróiseáil le linn na tréimhse seo.