Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Céadaoin 23 Feabhra 2022
- Foilsithe: 23 Feabhra 2022
- An t-eolas is déanaí: 25 Feabhra 2022
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu faoi 4,158 cás de COVID-19 arna ndeimhniú ag PCR.
Ina theannta sin, ar an Máirt 22ú Feabhra, chláraigh 3,900* duine tástáil antaigine dearfach trí thairseach FSS.
Amhail 8rn inniu, tá 593 othar a bhfuil COVID-19 orthu san ospidéal, a bhfuil 54 acusan in Aonad Dianchúraim.
Nótaí
- Tá na sonraí seo sealadach agus ní féidir iad a chur i gcomparáid go díreach le cásanna SARS-CoV-2 arna ndeimhniú ag PCR saotharlainne arna gclárú trí Rianaire Cúraim Covid FSS.
Tá sonraí ar eipidéimeolaíocht cásanna agus básanna COVID-19 ar fáil ar mhol sonraí Eipidéimeolaíocht COVID-19 in Éirinn de chuid HPSC.
Tá sonraí breise ar vacsaíniú, ospidéil, Aonad Dianchúraim agus toghcheantair áitiúla ar fáil ar mhol sonraí COVID-19 na hÉireann.