Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Céadaoin 29 Meán Fómhair
- Foilsithe: 29 Meán Fómhair 2021
- An t-eolas is déanaí: 30 Meán Fómhair 2021
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu faoi 1,453 cás dearbhaithe de COVID-19.
Amhail 8rn inniu, tá 300 othar le COVID-19 san ospidéal, a bhfuil 60 acu in Aonad Dianchúraim.
Fógraíodh 5,249 bás san iomlán bainteach le COVID-19 in Éirinn. Áirítear leis seo 40 bás a fógraíodh le déanaí (ón gCéadaoin seo caite).
Dúirt an Dochtúir Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, An Roinn Sláinte:
"Le linn na paindéime, chonaiceamar go raibh iarrachtaí iontacha á dhéanamh ag muintir na hÉireann chun minicíocht COVID-19 a laghdú tríd an gcomhairle sláinte poiblí a leanúint. Le déanaí, tá freagairt ar chlár vacsaínithe na hÉireann ina ábhar misnigh dúinn uile, agus anois tá díreach faoi bhun 91% den daonra atá 16 bliana d’aois agus níos sine cosanta go hiomlán trí vacsaíniú. Thug ár gcomhiarrachtaí cosaint do na mílte duine ó na torthaí is measa ó COVID-19 a fhulaingt.
"De réir mar a bheidh níos mó de na gníomhaíochtaí a bhainimid sult astu ar fáil dúinn an tseachtain seo, tá sé tábhachtach go leanfaimid den iarracht náisiúnta seo chun slabhraí tarchuir COVID-19 a bhriseadh. Is é an vacsaíniú an modh cosanta atá againn i gcónaí agus, má tá vacsaíniú ar fáil duit, molaim go láidir duit vacsaíniú a fháil a luaithe is féidir.
"Lean ort ag ní do lámha go rialta, ag caitheamhh masc nuair is cuí – go háirithe i suíomhanna miondíola, ar iompar poiblí agus i suíomhanna cúram sláinte; coinnigh d’achar, oscail fuinneoga agus déan spásanna laistigh a aeráil. Má léiríonn tú siomptóim de COVID-19 cosúil le casacht, fiabhras, tuirse, tinneas cinn, nó scornach tinn – féin-aonraigh agus déan teagmháil le do dhochtúir ginearálta a thabharfaidh comhairle duit más gá duit tástáil a shocrú."