Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Céadaoin an 01 Nollaig 2021
- Foilsithe: 1 Nollaig 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Cuireadh 3,793* cás deimhnithe COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.
Amhail 8am inniu, tá 578 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 117 acusan san aonad dianchúraim.
5,707 duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo. Áirítear leis seo 55 bás a fógraíodh le seachtain anuas (ón gCéadaoin seo caite).
Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
“Níor cheart go n-athródh fógra an lae inniu faoi chás deimhnithe den Athraitheach B.1.1.529 SARS-CoV-2 (Omicron) an chaoi a bhfuilimid ag freagairt do na bearta sláinte poiblí atá i bhfeidhm cheana féin. Is é an maolú is fearr atá againn i gcoinne an víreass seo a tharchur, beag beann ar an athraitheach, na bearta sláinte poiblí atá ar eolas againn go léir agus níos tábhachtaí fós, go bhfuil a fhios againn go n-oibreoidh siad.
“Ar feadh coicíse eile ar a laghad, más féidir linn go léir iarracht chomhbheartaithe a dhéanamh chun ár dteagmhálacha a laghdú, ansin tá súil agam go bhféadfaimis difríocht mhór a dhéanamh do mhinicíocht an ghalair in Éirinn.
"Níl aon ghrúpa nach mbaineann an chomhairle sláinte poiblí leo. Ní féidir linn muid féin, ár ngaolta agus saoráidí cúram sláinte agus sóisialta a choinneáil slán ach amháin má ghníomhaímid le chéile.
“Agus muid ag féachaint chun cinn, déan machnamh ar do chuid roghanna agus déan na roghanna cearta. Ná téigh chuig an obair amárach más féidir leat oibriú ón mbaile. Más fostóir tú, déan cianobair do d’fhostaithe a éascú.
"Tá sé ríthábhachtach má bhíonn siomptóim agat go n-aonraíonn tú láithreach agus go socróidh tú tástáil PCR - ní tástáil antaigin. Ná téigh ag obair, ar scoil, ar choláiste ná ag sóisialú má tá tú siomptómach.
“Má roghnaíonn tú sóisialú, smaoinigh ar an riosca a bhaineann leis na gníomhaíochtaí atá beartaithe agat. Cuimhnigh na céimeanna simplí is féidir leat a ghlacadh chun tú féin agus na daoine a mbuaileann tú leo a choinneáil slán:
• caith masc i gceart
• buail le chéile lasmuigh más féidir
• seachain spásanna faoi dhíon a bhfuil drochaeráil iontu
• cleachtaigh sláinteachas maith láimhe agus riospráide
"Bí aireach ar do theagmhálacha sna laethanta ina dhiaidh duit sóisialú agus smaoinigh go háirithe ar aon duine a mbuailfidh tú leis a d’fhéadfadh a bheith imdhíon-lagaithe nó leochaileach do COVID-19."
CRÍOCH
Ní bhíonn tionchar ag éagsúlacht ó lá go lá ar líon na gcásanna COVID-19 a thuairiscítear ar phríomhanailís treochta. Déanann anailísiú thar thréimhse ama níos faide mar sheachtain nó 14 lá, réidh le haon athruithe a thugtar isteach le hamanna próiseála, agus soláthraíonn sí pictiúr níos cobhsaí den treocht.
Beidh líon na bhfógraí maidir le CIDR difriúil ó fhoinsí sonraí FSS eile, mar shampla torthaí dearfacha SARS-CoV-2 arna n-uaslódáil chuig Rianaire Cúraim COVID, ar chúiseanna éagsúla lena n-áirítear:
• dídhúbláil ar thástálacha dearfacha leantacha sa duine céanna
• sceidil uaslódála éagsúla ag na saotharlanna chuig CCT agus CIDR - déantar taifid dhearfacha a uaslódáil chuig CCT de láimh, ní amhlaidh an cás le CIDR. Is gnách go ndéantar uaslódáil ar CIDR ar an lá nó laistigh de lá amháin ó údarú thoradh na tástála saotharlainne
• an t-am a ghlacann sé chun an modh dhá chéim fógraí ar CIDR a phróiseáil - tarlaíonn sé seo de ghnáth ar an lá nó laistigh de lá amháin ó uaslódálann saotharlanna taifid dhearfacha ar CIDR
Tá staitisticí ar vacsaínithe teanndáileoige ar fáil anois ar Mhol sonraí COVID-19.
Cosaint Ilshraitheach chun cosaint a dhéanamh i gcoinne [external-link https://covid19ireland-geohive.hub.arcgis.com/ | ionfhabhtú COVID-19. ]
Tá raon póstaer agus comharthaí ar fáil duit le húsáid.