English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Céadaoin an 02 Meán Fómhair 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 2 Meán Fómhair 2020
  • An t-eolas is déanaí: 3 Meán Fómhair 2020

Tuairiscíodh bás nua amháin don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.

Tá 1,777* san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.

Amhail meán oíche Dé Máirt an 1 Meán Fómhair, cuireadh 89 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 29,114 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.

De na cásanna a cuireadh in iúl inniu:

  • is fir iad 40 agus is mná iad 48 acu
  • tá 63% faoi bhun 45 bliana d’aois
  • deimhnítear go bhfuil baint ag 56% le ráigeanna nó gur dlúth-theagmhálacha iad le cás deimhnithe
  • aithníodh 8 cás mar thras-seoladh pobail
  • 53 i mBaile Átha Cliath, 15 i Luimneach, agus is iad na 21 cás eile ná an Clár, Corcaigh, Cill Dara, Cill Chainnigh, Laois, Liatroim, an Longfort, an Mhí, Uíbh Fhailí, Port Láirge, an Iarmhí, Loch Garman agus Cill Mhantáin

Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

Dúirt an Dr Ronan Glynn, Príomhoifigeach Gníomhach Leighis, an Roinn Sláinte:

"Tá tábhacht ag baint le gach iarracht a dhéanann tú leis an iarracht náisiúnta éifeachtaí an víris thógálaigh seo ar ár sochaí a chosc. Gach uair a ghlacann tú freagracht as do theagmhálacha sóisialta a choinneáil íseal, áit plódaithe nó tionól a sheachaint, bíodh a fhios agat go bhfuil difríocht ríthábhachtach á déanamh agat. Is gníomhartha aonair den chineál sin a thabharfaidh tríd an bpaindéim seo muid."

"Tosaíonn an iarracht chun COVID-19 a chur faoi chois inár dtithe féin. Ba dhlúth-theagmhálacha le cásanna deimhnithe iad go leor cásanna deimhnithe le seachtainí agus míonna anuas. Is in ár dtithe féin is féidir linn an tionchar is mó a imirt trí níochán lámh rialta, sláinteachas casachta agus sraothartach, dromchlaí a ghlanadh, líon cuairteoirí a theorannú agus aonrú a dhéanamh chomh luath agus a bhíonn aon siomptóim orainn."

Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach um Shamhaltú Eipidéimeolaíochta na hÉireann:

"Tugann anailís dhlúth ar líon agus ar phatrúin cásanna le seachtain anuas le fios go bhfuil an eipidéim ag fás go han-mhall i go leor contaetha ar fud na hÉireann, lena n-áirítear Baile Átha Cliath. Tá baint ag líon mór cásanna le ráigeanna i dtithe príobháideacha agus i dteaghlaigh. Tá an uimhir atáirgthe díreach os cionn 1, b’fhéidir chomh hard le 1.2, agus mar sin tá an víreas ag scaipeadh sa phobal ag leibhéil nach bhfuilimid ag iarraidh a fheiceáil. Ciallaíonn sé seo go gcaithfimid fanacht dírithe ar ár dtosaíochtaí náisiúnta roinnte, is iad sin scoileanna a athoscailt go sábháilte, leanúint ar aghaidh le cúram sláinte neamh-COVID a atosú agus na daoine is leochailí ón ngalar contúirteach seo a chosaint."

Dúirt an Dr. Colm Henry, Príomhoifigeach Cliniciúil, FSS:

"Cloch mhíle thábhachtach is ea oscailt na scoileanna maidir lenár mbainistíocht ar an bpaindéim seo. Tugann an t-eolas atá ag teacht chun cinn ó áiteanna eile muinín áirithe do thuismitheoirí leanaí atá ag filleadh ar scoil maidir le hiompar an víris seo i measc leanaí agus na rioscaí a bhaineann le tarchur idir leanaí. Is mór againn an obair chrua a dhéanann múinteoirí, tuismitheoirí, caomhnóirí, príomhoidí agus foireann na scoile chun an chloch mhíle seo, a bhfuil súil againn léi, a bhaint amach.

"Cad is féidir linn mar dhaoine aonair a dhéanamh chun cuidiú leis an iarracht seo - scaradh go fisiciúil ó dhaoine eile i gcónaí, suíomhanna comhchruinnithe a sheachaint, agus clúdach aghaidhe a chaitheamh nuair is cuí.

"Is de bharr ár ngníomhartha aonair sa phobal gur féidir linn seirbhísí cúram sláinte a atosú. Chun ár bhfoireann cúram sláinte agus othair a chosaint, ní mór do gach duine againn ár gcuid teagmhálacha sóisialta a choinneáil íseal agus cuimhneamh ar scaradh fisiceach nuair atáthar ag bualadh le daoine ó theaghlaigh eile. Ní mór dúinn go léir na hiompraíochtaí sábháilte seo a dhéanamh mar chuid dár ngnáthaimh laethúla."

CRÍOCH

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC, dí-fhógraíodh 1 bhás. Léiríonn an figiúr 1,777 é seo.