Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Céadaoin an 03 Márta 2021
- Foilsithe: 3 Márta 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 25 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Bhásaigh cúigear díobh sin i mí an Mhárta, 13 i mí Feabhra agus 6 i mí Eanáir nó níos luaithe.
Tá bás amháin fós á fhiosrú.
4,347* duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.
(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh bás amháin. Léiríonn an figiúr de 4,357 cás deimhnithe é seo.)
Amhail meán oíche Dé Máirt an 02 Márta, cuireadh 566 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. 221,189* * cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.
(* *Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 7 cás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 221,189 cás deimhnithe é seo.)
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
- is fir iad 280 agus is mná iad 284 díobh
- tá 68% faoi bhun 45 bliana d’aois
- 34 aois airmheánach na ndaoine
- 233 i mBaile Átha Cliath, 37 i gCill Dara, 30 sa Mhí, 25 i nDún nan Gall, 24 san Iarmhí agus na 217 cás eile scaipthe ar fud 19 gcontae eile
Amhail 8am inniu, tá 489 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 114 acusan san aonad dianchúraim. Cuireadh 29 duine in ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Amhail an 28 Feabhra, bhí 439,782 dáileog de vacsaín COVID-19 tugtha in Éirinn:
- bhí a gcéad dáileog faighte ag 297,899 duine
- bhí a dara dáileog faighte ag 141,883 duine
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal lena n-áirítear sonraí laethúla maidir le Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.
Dúirt an Dr Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
"Trí obair chrua agus íobairt fhormhór na ndaoine, leanann príomhtháscairí an ghalair ar threocht dhearfach. Táimid ag feiceáil ráigeanna sa phobal, áfach, atá nasctha le teaghlaigh leathnaithe, ionaid oibre agus sochraidí. Ní mór dúinn a bheith ar an airdeall i gcoinne leagan B117 de COVID-19, atá ceannasach in Éirinn faoi láthair agus atá thar a bheith inaistrithe.
"Mar gheall ar ár dtoileantas cloí leis an gcomhairle sláinte poiblí inár saol laethúil tá an-dul chun cinn déanta againn. Trí fanacht sa bhaile agus amach óna chéile, lámha a ní agus clúdach aghaidhe a chaitheamh, is féidir linn scaipeadh COVID-19 a laghdú."
- minicíocht 7 lá 91.2
- meán gluaiseachta 5 lá 591