Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Céadaoin an 06 Eanáir 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 6 Eanáir 2021
  • An t-eolas is déanaí: 8 Eanáir 2021

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 17 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Tá 2,299 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

Amhail meán oíche, Dé Máirt 5 Eanáir, cuireadh 7,836 cás deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 121,154* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;

  • Is fir iad 3,740 / is mná iad 4,078 díobh
  • Tá 63% faoi bhun 45 bliana d’aois
  • 36 aois airmheánach na ndaoine
  • Tá 2,263 i mBaile Átha Cliath, 1,373 i gCorcaigh, 496 i Lú, 345 i Luimneach, 340 sa Mhí agus tá na 3,019 cás eile scaipthe ar fud na gcontaetha eile go léir.

Amhail 2pm inniu tá 954 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 88 acu sin san aonad dianchúraim. Cuireadh 105 duine eile san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte;

“Tá an tír i gcéim thromchúiseach den mhéadú COVID-19 seo. Tá fianaise ann go bhfuil an leagan RA ag méadú i gcónaí in Éirinn. Tá treocht aníos den ghalar i ngach contae. Tá imní ann toisc go bhfuil hiontrálacha chuig an ospidéal agus an aonad dianchúraim ag ardú. Seans maith go bhfeicfimid básmhaireacht agus iontrálacha chuig an aonad dianchúraim ag dul i méid sna laethanta agus seachtainí amach romhainn.

“Ní raibh sé riamh níos tábhachtaí, le linn ár dtaithí ar an bpaindéim seo, fanacht sa bhaile agus gan bualadh le daoine lasmuigh de do theaghlach ach amháin chun críocha bunriachtanacha amháin, ag cloí le comhairle sláinte poiblí i gcónaí; scaradh fisiceach, sláinteachas láimhe, béasaíocht casachta/sraothartach, clúdach aghaidhe a chaitheamh."

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

CRÍOCH

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 4 chás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 121,154 cás deimhnithe é seo.

Cásanna an lae inniu, ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 05 Eanáir 2021) (ráta minicíochta bunaithe ar dhaonra contae Dhaonáireamh 2016)

Contae
Cásanna an lae inniu (go meán oíche 05 Ean 2021)
Ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra (go 05 Ean 2021)
Cásanna Nua le 14 lá anuas (go dtí 05 Ean 2021)
Éire
7,836
819.1
39,005
Muineachán
275
1638.8
1,006
496
1528.5
1,970
Luimneach
345
1252.4
2,441
Dún na nGall
231
1052.8
1,676
An Cabhán
160
1013.4
772
Baile Átha Cliath
2,263
955.2
12,870
Sligeach
93
866.7
568
Corcaigh
1,373
815.9
4,429
Maigh Eo
121
808.4
1,055
An Mhí
340
759.8
1,482
Ciarraí
235
721.7
1,066
Loch Garman
244
687.9
1,030
An Clár
147
681.7
810
Ceatharlach
86
665.7
379
Longfort
78
650.8
266
Cill Dara
276
640.4
1,425
Cill Chainnigh
85
633.9
629
Port Láirge
186
631.8
734
Uíbh Fhailí
135
628.5
490
Laois
107
606.9
514
Gaillimh
178
509.6
1,315
An Iarmhí
123
503.5
447
Ros Comáin
25
480.3
310
Liatroim
24
477.5
153
Tiobraid Árann
113
391.7
625
Cill Mhantáin
97
381.3
543

Nóta don Eagarthóir:

Cuireadh an tábla seo a leanas san áireamh chun tástálacha deimhneacha agus cásanna deimhnithe a thaispeáint sa tréimhse 14 lá is déanaí. De ghnáth, bíonn líon na gcásanna deimhnithe a thuairiscítear ar lá áirithe comhghaolmhar le líon na dtástálacha deimhneacha an lá roimhe sin, rud a fhágann gur féidir dúbailtí a bhailíochtú agus a bhaint.

Nuair a bheidh na moilleanna a tháinig chun cinn le cúpla lá anuas réitithe, ní thabharfaimid tuairisc ar thorthaí na tástála saotharlainne a thuilleadh.

Tuairisciú thar an tréimhse 14 lá is déanaí (23/12/2020-06/01/2021)

Dáta tuairiscithe
Cásanna deimhnithe tuairiscithe
Tástálacha próiseáilte
Tástálacha deimhneacha braite
Ráta dearfachta
23/12/2020
-
22,884
1,269
5. 5%
24/12/2020
922
21,416
1,643
7.7%
25/12/2020
1,019
11,999
1,207
10.1%
26/12/2020
1,293
3,536
343
9.7%
27/12/2020
744
9,405
1,178
12.5%
28/12/2020
764
13,805
2,007
14.5%
29/12/2020
1,546
17,484
2,867
16.4%
30/12/2020
1,720
26,312
4,371
16.6%
31/12/2020
1,620
27,389
5,621
20.5%
01/01/2021
1,754
20,846
4,553
21.8%
02/01/2021
3,394
28,545
6,486
22.7%
03/01/2021
4,692
20,571
5,199
25.3%
04/01/2021
6,110
19,869
4,427
22.3
05/01/2021
5,325
28,368
6862
24.2%
06/01/2021
7,836
-
-
-

NÓTA:

Minicíocht 7 lá 650.9

Meán gluaiseachta 5 lá 5,524

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat