Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Céadaoin an 10 Feabhra 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 10 Feabhra 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 54 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Bhásaigh 45 díobh sin i mí Feabhra, 5 i mí Eanáir agus tá 4 bhás fós á bhfiosrú.

86 aois airmheánach na ndaoine a bhásaigh agus 48-104 an raon aoise.

3,794* duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

Amhail meán oíche, Dé Máirt 9 Feabhra, cuireadh 1,006 cás deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. 205,939** cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;

  • Is fir iad 476 / is mná iad 524 díobh
  • Tá 65% faoi bhun 45 bliana d’aois
  • 35 aois airmheánach na ndaoine
  • 516 i mBaile Átha Cliath, 63 i gCorcaigh, 46 i nGaillimh, 43 sa Mhí, 36 i Lú agus tá an 302 cás eile scaipthe ar fud na gcontaetha eile go léir.**

Amhail 8am inniu tá 1,032 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 173 acusan san aonad dianchúraim. Cuireadh 40 duine eile san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Amhail an 7 Feabhra, bhí 240,487 dáileog de vacsaín COVID-19 tugtha in Éirinn:

  • Bhí a gcéad dáileog faighte ag 153,654 duine
  • Bhí an dara dáileog faighte ag 86,833 duine

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal lena n-áirítear sonraí laethúla maidir le Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.

CRÍOCH

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 12 bás. Léiríonn an figiúr de 3,794 bás é seo.

**Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 7 gcás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 205,939 cás é seo

***Ba cheart sonraí contae a mheas go sealadach toisc gur córas dinimiciúil é an Córas Ríomhaireachta Idirnáisiúnta um Ghalair Thógálacha (CIDR) agus tá sonraí cáis á mbailíochtú agus á nuashonrú i gcónaí.

Cásanna an lae inniu, meán gluaiseachta 5 lá de chásanna nua, ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 09 Feabhra 2021) (ráta minicíochta bunaithe ar dhaonra contae Dhaonáireamh 2016)

Contae
Cásanna an lae inniu** (go meán oíche 09 Feabh 2021)
Meán Gluaiseachta 5 lá de Chásanna Nua~
Ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra (go 09 Feabh 2021)
Cásanna Nua le 14 lá anuas (go 09 Feabh 2021)
Éire
1006
848
312.1
14861
Muineachán
34
23
623.9
383
Port Láirge
22
23
435.5
506
Ceatharlach
7
12
407.5
232
Loch Garman
27
27
406.8
609
Baile Átha Cliath
516
348
402.6
5425
36
26
386.4
498
Maigh Eo
8
19
336.4
439
An Mhí
43
42
319.9
624
Uíbh Fháilí
27
16
318.1
248
Gaillimh
46
43
316.6
817
Luimneach
35
32
300.2
585
Laois
21
17
292.8
248
Chill Dara
32
36
290.3
646
Dún na nGall
22
21
281.4
448
An Longfort
<5
7
266.7
109
An Cabhán
<5
14
258.6
197
Sligeach
7
7
238
156
An Iarmhí
7
13
227.6
202
Corcaigh
63
56
226.4
1229
Cill Mhantáin
20
18
217.7
310
Tiobraid Árann
8
14
188.7
301
An Clár
<5
10
150.7
179
Cill Chainnigh
<5
7
139.1
138
Ciarraí
9
12
137.4
203
Liatroim
<5
1
137.3
44
Ros Comáin
<5
5
131.7
85

~Soláthraíonn an meán gluaiseachta 5 lá de líon na gcásanna nua táscaire iomchuí ar líon na gcásanna laethúla reatha laistigh de chontae. Áirítear aon bhailíochtú cásanna a tharla sna laethanta roimhe seo agus réitíonn sé luaineachtaí laethúla/deireadh seachtaine i líon na gcásanna.

  • Minicíocht 7 lá 138.6
  • Meán gluaisteacha 5 lá 848

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat