English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Céadaoin an 10 Samhain 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 10 Samhain 2021
  • An t-eolas is déanaí: 24 Eanáir 2022

Cuireadh 2,975* cás deimhnithe COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.

Amhail 8am inniu, tá 551 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 89 acusan san aonad dianchúraim.

5,566* duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo. Áirítear leis seo 74 bás a fógraíodh le seachtain anuas (ón gCéadaoin seo caite).

Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte:

“Is féidir le paindéim a bheith ina eispéireas fada agus uileghabhálach agus tuigim go bhfuil muid go léir tuirseach den víreas seo – ach is é fírinne an scéil go bhfuil an víreas anseo agus go bhfuil sé ag scaipeadh ag leibhéal ró-ard.

“Aistríonn an víreas nuair a bhíonn muid i ndlúth-theagmháil le duine a bhfuil Covid acu. D’fhéadfadh sé gur ball teaghlaigh, cara, comhghleacaí nó strainséir é an duine seo. D’fhéadfadh sé gur duine é atá vacsaínithe go hiomlán gan siomptóim.

“Is é an gníomh atá ag teastáil anois ná go laghdódh gach duine againn ár dteagmhálacha sóisialta agus go dtabharfar níos lú deiseanna don víreas scaipeadh. Laghdaigh leath na ndaoine a bhfuil sé ar intinn agat bualadh leo an tseachtain seo. Má dhéanaimid é seo le chéile, is féidir linn na leibhéil reatha ionfhabhtaithe a chosc."

Dúirt an Dr Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis, An Roinn Sláinte:

“Is ábhar imní é ardmhinicíocht COVID-19 sa phobal ach tá céimeanna simplí is féidir linn a ghlacadh chun muid féin a chosaint ó COVID-19.

“Ar an gcéad dul síos, tá cosaint den scoth ag vacsaíní COVID-19 in aghaidh éifeachtaí tromchúiseacha COVID-19 agus mura bhfuil an vacsaín faighte agat go fóill, is féidir leat é sin a dhéanamh i do chógaslann áitiúil, do dhochtúir teaghlaigh nó trí choinne a dhéanamh ar líne.

“Agus tú thart timpeall ar dhaoine eile lasmuigh de do theaghlach, bíodh aithne agat orthu nó ná bíodh, cinntigh go gcaitheann tú do chlúdach aghaidhe, do lámha a ní / a shláintiú go minic, fanacht amach ó dhaoine eile, bualadh le chéile lasmuigh nuair is féidir, agus cinntigh go bhfuil spásanna laistigh aeráilte go maith. Tá an chumhacht agat tú féin a chosaint agus stop a chur leis an scaipeadh.”

Dúirt an tOllamh Karina Butler, Cathaoirleach an Choiste Chomhairligh Náisiúnta Imdhíonta:

“Gach seachtain, táimid ag feiceáil daoine nach bhfuil aon dáileog den vacsaín COVID-19 faighte acu ag teacht chun cinn le haghaidh a vacsaíne. Tá lúcháir orainn é seo a fheiceáil agus mholfainn d’aon duine atá fós le vacsaín COVID-19 a fháil é sin a dhéanamh chomh luath agus is féidir. Tá ár gclinicí vacsaínithe ar fud an chontae oscailte agus réidh le fáilte a chur romhat.

“Má tá tú ag iompar clainne, is féidir a bheith cinnte go bhfuil na buntáistí duit féin agus do do leanbh ó vacsaín COVID-19 a fháil i bhfad níos airde ná na rioscaí. Má tá imní ort, labhair le do chliniceoir iontaofa - do dhochtúir teaghlaigh, do fhoireann cnáimhseach nó do bhean chabhrach. Is iad na daoine is mó a bhfuil cur amach acu ar do chúlra leighis agus tá siad in ann comhairle a thairiscint a bhaineann go sonrach le do chás féin.”

Dúirt an Dr. Cillian De Gascun, Stiúrthóir na Saotharlainn Tagartha Náisiúnta maidir le Víris agus Víreolaí Leighis:

“Agus muid ag sóisialú laistigh níos minice i rith míonna an gheimhridh tá sé tábhachtach a bheith feasach ar conas a scaipeann COVID-19 agus víris riospráide eile agus conas is féidir leat teorainn a chur leis an baol tarchurtha. Tá aeráil an-tábhachtach má bhíonn tú ag sóisialú laistigh – cinntigh go bhfuil na fuinneoga ar oscailt agus go bhfuil aer i gcúrsaíocht. Coinnigh achar sóisialta 2m nuair is féidir agus bain úsáid as clúdaigh aghaidhe. Cosnóidh sé seo go léir mar aon le vacsaíniú, sláinteachas láimhe agus an tsraith iompraíochtaí sláinte poiblí tú agus cuirfidh sé srian ar scaipeadh an ionfhabhtaithe.”

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir:

Bhí tionchar ag saincheist theicniúil ar phróiseáil ar CIDR an 09/11/2021 agus mar thoradh air sin bhí líon íseal fógraí i gceist. Nuair a bheidh na saincheisteanna teicniúla réitithe, déanfar cásanna a phróiseáil agus a léiriú sna fógraí sna laethanta amach romhainn.