Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Céadaoin an 12 Eanáir 2022
- Foilsithe: 12 Eanáir 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Cuireadh 20,909* cás deimhnithe COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.
Amhail 8am inniu, tá 1,055 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 92 acusan san aonad dianchúraim.
6,035 duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo. Áirítear leis seo 83 bás a fógraíodh le seachtain anuas (ón gCéadaoin seo caite).
Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
“Tá athruithe an lae inniu ar bhainistíocht sláinte poiblí cásanna COVID-19 agus dlúththeagmhálacha leagtha amach de bharr na fianaise atá ar fáil, tuairimí na saineolaithe agus an taithí idirnáisiúnta ar COVID-19, lena n-áirítear an treoir ón ECDC a foilsíodh le déanaí.
“Tá tionchar suntasach ag an athraitheach Omicron de COVID-19 ar gach réimse dár sochaí agus dár ngeilleagar mar gheall ar a bhuntáiste méadaithe fáis i gcomparáid le Delta. Tá roinnt táscairí dearfacha luatha ann, áfach, a thugann le tuiscint go mbíonn breoiteacht nach bhfuil chomh trom agus go bhfuil gá le cúram san ospidéal mar thoradh ar ionfhabhtú ó Omicron.
“Tá sé tábhachtach a thabhairt ar aird go gclúdaíonn na hathruithe a fógraíodh inniu raon beart ó fhéin-aonrú agus srianadh gluaiseachtaí go caitheamh masc agus tástáil. Tá na bearta seo níos comhréire leis an leibhéal ionfhabhtaithe atá ann faoi láthair agus leis an tionchar atá aige. Go háirithe, cé go bhfuilimid ag laghdú an ghá atá le féin-aonrú agus srian a chur ar ghluaiseachtaí do dhaoine leis an ngalar agus dlúth-theagmhálacha faoi seach, táimid ag neartú na treorach maidir le masc a chaitheamh agus teagmháil shóisialta laghdaithe ar feadh na deich lá iomlán tar éis diagnóis a fháil nó a bheidh i ndlúth-theagmháil le cás.
“Tá na bearta seo beartaithe lenár gcosaint ar shláinte an phobail a choinneáil agus ag an am céanna an brú ar an tseirbhís sláinte a laghdú agus feidhmiú leanúnach earnálacha eacnamaíocha agus sóisialta eile sa tsochaí a chumasú, lena n-áirítear seirbhísí riachtanacha.
“Mura bhfuil ionfhabhtú COVID-19 deimhnithe agat nó mura bhfuil tú sainaitheanta mar dhlúth-theagmháil, is é an bealach is fearr chun tú féin agus do muintir a chosaint ó COVID-19 ná an chomhairle sláinte poiblí a leanas a leanúint:
- Faigh do vacsaín/teanndáileog
- Nigh do lámha
- Caith masc oiriúnach
- Scaradh sóisialta a choinneáil
- Seachain sluaite
- Oscail fuinneoga
CRÍOCH
NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR
Tá staitisticí ar vacsaínithe teanndáileoige ar fáil anois ar Mhol sonraí COVID-19.
Cosaint Ilshraitheach chun cosaint a dhéanamh i gcoinne ionfhabhtú COVID19. Tá raon póstaer agus comharthaí ar fáil duit le húsáid.
- I bhfianaise na minicíochta ard atá ann faoi láthair, tá líon na gcásanna laethúla bunaithe ar thorthaí dearfacha SARS-CoV-2 arna n-uaslódáil chuig Rianaire Cúraim COVID FSS an lá roimhe sin. Tá na sonraí seo sealadach. Leanfaidh HPSC agus comhpháirtithe faireachais ag tabhairt fógra agus próiseáil cásanna agus ráigeanna de COVID-19 ar CIDR thar an tréimhse seo.