Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Céadaoin an 13 Eanáir

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 13 Eanáir 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 63 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Bhain 56 de na básanna le mí Eanáir 2021, bhain 5 cinn acu le mí na Samhna agus bhain ceann le mí na Nollag 2020. Tá bás amháin a tuairiscíodh fós á fhiosrú.

2,460 duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

Amhail meán oíche, Dé Máirt an 12 Eanáir, cuireadh 3,569 cás deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. 159,144* cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;

  • Is fir iad 1,616 / is mná iad 1,924 díobh
  • Tá 54% faoi bhun 45 bliain d’aois
  • 42 aois airmheánach na ndaoine
  • Tá 1,119 i mBaile Átha Cliath, 416 i gCorcaigh, 200 i nGaillimh, 182 i Lú, 169 i bPort Láirge, agus tá an 1,483 cás eile scaipthe ar fud na gcontaetha eile go léir.

Amhail 2pm inniu, tá 1,770 othar a bhfuil COVID-19 orthu san ospidéal, agus tá 172 acusan san aonad dianchúraim. Cuireadh 133 duine eile san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

“Tá roinnt comharthaí luatha ann go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh againn maidir le líon na gcásanna laethúla agus na rátaí dearfachta. Tá údar dóchais againn, ach tá píosa an-fhada le dul againn go fóill. Sna seachtainí amach romhainn, teastóidh an teacht aniar céanna a léiríomar san earrach mar is féidir linn a bheith ag súil gur ag ardú lá i ndiaidh lae a bheidh an ráta báis agus líon na ndaoine sna hospidéil agus sna haonaid dianchúraim mar gheall ar Covid-19."

“Is é an bealach is fearr is féidir linn go léir tacú lena chéile anois ná fanacht amach óna chéile. Faraor, tá an méid atá á fheiceáil againn anois mar thoradh ar an líon ard cásanna deimhnithe laethúla a bhí againn le seachtainí i ndiaidh a chéile. Lean ort ag leanúint comhairle sláinte poiblí agus fan sa bhaile chun ár n-ospidéil agus ár ngaolta a chosaint agus a chinntiú go bhfanfaidh siad beo go dtí go bhfaighidh siad an vacsaín."

“Ag an am dúshlánach seo, tá sé tábhachtach a mheabhrú dóibh siúd a dteastaíonn géarchúram uathu go bhfuil ospidéil ann dóibh siúd a bhfuil gá acu leo. Níor cheart go ndéanfadh aon duine neamhaird ar aon chomharthaí a thugann le fios go bhféadfadh cóir leighis a bheith ag teastáil uathu, mar shampla cnapanna, pianta cliabhraigh nó siomptóim nua eile. Cuir glaoch ar do dhochtúir teaghlaigh má tá aon imní ort, ní amháin imní faoi COVID-19."

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

CRÍOCH

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 16 cás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 159,144 cás deimhnithe é seo.

Cásanna an lae inniu, ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 12 Eanáir 2021)

(ráta minicíochta bunaithe ar dhaonra contae Dhaonáireamh 2016)

Contae
Cásanna an lae inniu (go meán oíche 12 Ean 2021)
Ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra (30 Noll 2020 go 12 Ean 2021)
Cásanna Nua le 14 lá anuas (30 Noll 2020 go 12 Ean 2021)
Éire
3,569
1448.8
68,990
Muineachán
98
2738.4
1,681
182
2323.0
2,994
Luimneach
165
2068.3
4,031
Port Láirge
169
1841.2
2,139
Loch Garman
123
1746.6
2,615
Maigh Eo
129
1688.0
2,203
Baile Átha Cliath
1,119
1634.1
22,017
Ceatharlach
35
1556.2
886
An Clár
59
1519.1
1,805
An Cabhán
66
1499.2
1,142
Corcaigh
416
1496.9
8,126
Dún na nGall
136
1481.9
2,359
Cill Chainnigh
59
1205.3
1,196
An Mhí
73
1186.4
2,314
Sligeach
14
1113.9
730
Ciarraí
65
1111.0
1,641
Cill Dara
135
1073.7
2,389
Gaillimh
200
1049.0
2,707
Uíbh Fhailí
66
1021.0
796
Ros Comáin
27
1014.8
655
Longfort
28
976.2
399
Laois
45
941.0
797
Tiobraid Árann
35
912.5
1,456
An Iarmhí
51
757.0
672
Cill Mhantáin
71
712.0
1,014
Liatroim
<5
705.3
226

Minicíocht 7 lá 799.1

Meán gluaiseachta 5 lá 4,659

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat