Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Céadaoin an 15 Iúil 2020
- Foilsithe: 15 Iúil 2020
- An t-eolas is déanaí: 4 Lúnasa 2020
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil beirt le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Tá 1,748 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.
Amhail meán oíche Dé Máirt an 14 Iúil, cuireadh 14 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 25,683* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.
Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Príomhoifigeach Leighis Gníomhach, an Roinn Sláinte;
“Tháinig an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí le chéile inné (Dé Máirt an 14 Iúil) agus tiocfaidh siad le chéile arís Déardaoin (an 16 Iúil) chun athbhreithniú a dhéanamh ar fhreagairt agus ullmhacht leanúnach na hÉireann do COVID-19.
“Táimid ag céim íogair sa phaindéim - ní mór dúinn a bheith airdeallach agus comhiarracht a dhéanamh chun an víreas a choinneáil faoi chois sa phobal. Lean ort ag leanúint comhairle sláinte poiblí."
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
CRÍOCH
- Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh cás amháin. Léiríonn an figiúr de 25,683 cás deimhnithe é seo.