Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Céadaoin an 16 Nollaig 2020
- Foilsithe: 16 Nollaig 2020
- An t-eolas is déanaí: 17 Nollaig 2020
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil seisear le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Tá 2,140 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.
Amhail meán oíche Dé Máirt an 15 Nollaig, cuireadh 431 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 77,197 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn go dtí seo.
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
- is fir iad 185 agus is mná iad 244 díobh
- tá 67% faoi bhun 45 bliana d’aois
- 35 aois airmheánach na ndaoine
- 134 i mBaile Átha Cliath, 53 i nDún na nGall, 25 sa Chabhán, 24 i Lú, 22 i Maigh Eo, agus tá na 173 cás eile scaipthe ar fud na gcontaetha eile go léir atá fágtha
Amhail 2pm inniu tá 207 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 30 díobh sin san aonad dianchúraim. Cuireadh 22 duine san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
"Táimid ag feiceáil táscairí suntasacha go bhfuil an galar seo ag bogadh sa treo mícheart, lena n-áirítear méadú ar rátaí deimhneachta, agus ar mhinicíocht 7 lá agus 14 lá, agus tá ár meán 5 lá méadaithe anois go 339 cás. Léiríonn taithí idirnáisiúnta le déanaí cé chomh tapa agus is féidir leis an ngalar seo imeacht as smacht.
"Is ábhar mór buartha dúinn na treochtaí seo mar gheall ar an staid íogair agus chontúirteach ina bhfuilimid - mar thír, táimid ag dul isteach i dtréimhse ina mbeidh teaghlaigh agus glúnta éagsúla ag meascadh lena chéile. Is deis iontach í seo don víreas scaipeadh agus tionchar a imirt orthu siúd is leochailí leis na héifeachtaí is tromchúisí. Ná tabhair an deis seo do COVID-19: teorannaigh do theagmhálacha, coinnigh srian ar líon na ndaoine a mbuaileann tú leo, agus bí ar an airdeall ionas gur féidir linn go léir teacht slán. Tiocfaidh NPHET le chéile amárach chun an staid eipidéimeolaíochta a athbhreithniú."
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
CRÍOCH