Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Céadaoin, an 18 Márta

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 18 Márta 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Tugadh fógra don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte faoi 74 chás dheimhnithe nua de COVID-19 in Éirinn.

Tá na cásanna comhdhéanta de 29 mbean agus de 45 fhear.

Tá dhá bhás a bhaineann le COVID-19 ann in Éirinn.

Tá 366 chás dheimhnithe de COVID-19 ann in Éirinn anois.

Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) ag obair go tapa anois chun aon daoine a bhféadfadh go raibh na hothair i dteagmháil leo a shainaithint chun faisnéis agus comhairle a thabhairt dóibh ar mhaithe le tuilleadh leata a chosc.

Chuir an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí anailís ar fáil ar an 271 chás ar tugadh fógra dó fúthu amhail meán oíche, Dé Luain an 16 Márta 2020:

  • den 271 chás ar tugadh fógra fúthu, baineann 40% le fir agus baineann 59% le mná, agus 23 bhraisle ann
  • de na cásanna a tháinig chun cinn go dtí seo, baineann 42% leis an taisteal, baineann 22% le tarchur pobail, tháinig 17% as tarchur áitiúil agus tá 20% fós á n-imscrúdú
  • tá dhá dtrian de na hothair níos óige ná 55 bliana, agus beagnach duine amháin as gach ceathrar idir 35 bliana d’aois agus 44 bliana d’aois
  • is oibrí cúram sláinte atá i nduine amháin as gach cúigear othar, agus taisteal i gceist le 37% de na cásanna sin
  • ba i mBaile Átha Cliath a chonacthas an líon ab airde cásanna, agus é cothrom le 129 gcás. Ba i gCorcaigh (48 gcás) agus i Luimneach (14 chás) a chonacthas an dara agus an tríú líon ab airde cásanna faoi seach

Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Míochaine sa Roinn Sláinte:

"Tá méadú eile ar an líon cásanna le feiceáil arís inniu. Níor cheart an tábhacht a bhaineann le scaradh sóisialta a ghannmheas. Is gá do gach duine a gcuid féin a dhéanamh.

"Is gá dúinn leanúint lenár seacht ndícheall a dhéanamh cur isteach ar shlabhraí nua tarchuir agus braislí a choinneáil faoi smacht.

"Ná bíodh teagmháil shóisialta agat le haon duine seachas do gharghaolta. Cloígh le scaradh sóisialta. Ná croith lámha agus ná tabhair barróg nuair a bheannaíonn tú do dhuine."

CRÍOCH

Staitisticí ospidéil

Foinse: HSPC
An líon daoine
*% den iomlán
An líon iomlán daoine a cuireadh san ospidéal
84
31
An líon iomlán daoine a ligeadh isteach san Aonad Dianchúraim
6
2
An líon iomlán básanna
2
0.7
An ráta báis i measc na gcásanna
2
0.7
An líon iomlán oibrithe cúram sláinte
59
22
An líon braislí ar tugadh fógra fúthu
23
  • Tomhaiseadh na staitisticí uile an 16 Márta.

An t-aoisraon a ndeachthas i bhfeidhm air

Aoisghrúpa
An líon daoine
% den iomlán
<1
1
0
1 - 4
0
0
5 - 14
4
1
15 - 24
28
10
25 - 34
48
18
35 - 44
62
23
45 - 54
40
15
55 - 64
46
17
65+
42
15
  • Tomhaiseadh na staitisticí uile an 16 Márta.

Conas a bhíonn COVID-19 á leathadh

Aicmiú tarchuir
An líon daoine
% den iomlán
Tarchur pobail
60
22
Teagmháil le cás deimhnithe
45
17
Taisteal thar lear
113
42
Tá an cás fós á imscrúdú
53
20
  • Tomhaiseadh na staitisticí uile an 16 Márta.

Tabhair faoi deara:

I gcás go dtaispeánfaidh toradh tástála go bhfuil COVID-19 ar dhuine agus nach raibh an duine sin thar lear nó nach raibh aon teagmháil aige/aici le cás deimhnithe eile in Éirinn, cuirfear an cás i leith tarchur pobail.

I gcás go dtaispeánfaidh toradh tástála go bhfuil COVID-19 ar dhuine agus go mbeifear in ann é sin a nascadh le cás deimhnithe eile in Éirinn, cuirfear an cás i leith tarchur áitiúil.

Oibrithe cúram sláinte

Baineann an cás leis an taisteal
22
37%
Ní bhaineann an cás le haon taisteal thar lear
36
61%
Tá an cás fós á imscrúdú
1
2%
Iomlán
59
100%
  • Tomhaiseadh na staitisticí uile an 16 Márta.

Cásanna de réir contae

Contae
An líon cásanna
Ceatharlach
≤ 5
An Cabhán
≤ 5
An Clár
≤ 5
Dún na nGall
≤ 5
Cill Dara
≤ 5
Cill Chainnigh
≤ 5
An Longfort
≤ 5
≤ 5
Maigh Eo
≤ 5
An Mhí
≤ 5
Uíbh Fhailí
≤ 5
Ros Comáin
≤ 5
Sligeach
≤ 5
Tiobraid Árann
≤ 5
Loch Garman
≤ 5
Ciarraí
6
Port Láirge
7
An Iarmhí
7
Cill Mhantáin
9
Gaillimh
12
Luimneach
14
Corcaigh
48
Baile Átha Cliath
129
  • Tomhaiseadh na staitisticí uile an 16 Márta.

Ciallaíonn < 'níos lú ná'.

Ciallaíonn ≤ 'níos lú ná nó cothrom le'.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat