English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Céadaoin an 18 Samhain 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 18 Samhain 2020
  • An t-eolas is déanaí: 20 Samhain 2020

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil dhá dhuine dhéag le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Tá 2,006* san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh bás amháin. Léiríonn an figiúr de 2,006* bás é seo.)

Amhail meán oíche Dé Máirt, an 17 Samhain, cuireadh 379 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 69,058* * cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 in Éirinn anois.

(* *Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 7 gcás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 69,058 cás deimhnithe é seo.)

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:

  • is fir iad 174 / is mná iad 203 díobh
  • tá 64% faoi bhun 45 bliain d’aois
  • 36 aois airmheánach na ndaoine
  • 116 i mBaile Átha Cliath, 38 i nDún na nGall, 30 sa Mhí, 27 i gCorcaigh, 22 i Luimneach, 22 i Lú, agus tá 124 cás eile scaipthe ar fud na gcontaetha eile go léir

Amhail 2pm inniu tá 282 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 33 díobh sin san aonad dianchúraim.

Cuireadh 22 duine san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

"Is trua linn a thuairisciú inniu go bhfuil os cionn 2,000 bás a bhaineann le COVID-19 in Éirinn go dtí seo. Bhí tionchar ag an bpaindéim seo, go díreach agus go hindíreach, ar theaghlaigh agus ar phobail ar fud na hÉireann.

"Tá sé tábhachtach go leanfaimid orainn ag obair le chéile má táimid chun an víreas seo a chur faoi chois agus an oiread daoine agus is féidir a chosaint. Don chéad choicís eile amach romhainn, bí ag obair ón mbaile, fan sa bhaile agus lean comhairle sláinte poiblí."

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

CRÍOCH

Cásanna an lae inniu, ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 17 Samhain 2020) (ráta minicíochta bunaithe ar dhaonra contae Dhaonáireamh 2016)

Contae Cásanna an lae inniu (go meán oíche 17 SAMH 2020) Ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra (04 SAMH 2020 go 17 SAMH 2020) Cásanna Nua le 14 lá anuas (04 SAMH 2020 go 17 SAMH 2020)
Éire 379 119.9 5,708
Dún na nGall 38 295.9 471
Luimneach 22 237.0 462
22 169.1 218
Port Láirge 6 162.7 189
Ros Comáin 5 158.0 102
An Iarmhí <5 151.0 134
Uíbh Fhailí <5 144.9 113
An Mhí 30 134.3 262
Baile Átha Cliath 116 120.8 1,627
Cill Chainnigh 11 118.9 118
Ciarraí 10 116.4 172
An Clár 8 111.9 133
Maigh Eo 10 111.1 145
Longfort <5 110.1 45
Muineachán <5 109.1 67
Tiobraid Árann 6 106.5 170
Laois <5 99.2 84
Sligeach 6 91.6 60
An Cabhán 8 90.6 69
Liatroim <5 87.4 28
Ceatharlach <5 86.1 49
Cill Dara 16 84.5 188
Corcaigh 27 82.0 445
Gaillimh 17 77.1 199
Cill Mhantáin <5 62.5 89
Loch Garman <5 46.1 69