Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Céadaoin an 20 Eanáir 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 20 Eanáir 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 61 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil.

As na básanna a tuairiscíodh inniu, bhain 58* acu le mí Eanáir.

83 aois airmheánach na ndaoine a bhásaigh agus 41-100 an raon aoise.

2,768** duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

Amhail meán oíche, Dé Máirt an 18 Eanáir, cuireadh 2,488 cás deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC.

179,324*** cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;

  • Is fir iad 1,090 / is mná iad 1,383 díobh
  • Tá 51% faoi bhun 45 bliana d’aois
  • 44 aois airmheánach na ndaoine
  • Tá 726 i mBaile Átha Cliath, 314 i gCorcaigh, 148 i nGaillimh, 133 i Luimneach, 130 sa Mhí agus tá an 1,037 cás eile scaipthe ar fud na gcontaetha eile go léir.

Amhail 2pm inniu, tá 1,923 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 210 acusan san aonad dianchúraim. Cuireadh 85 duine eile san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

“Léiríonn líon na gcásanna agus na mbásanna atá á dtuairisciú againn inniu agus ráta minicíochta ard leanúnach COVID-19 ar fud na tíre nach féidir linn nádúr an-tógálach an ghalair seo agus an tionchar a d’fhéadfadh sé a imirt ar theaghlaigh agus ar phobail a mheas faoina luach.

“Scaipeann an víreas trí dhlúth-theagmhálacha, trí phobal na ndaoine. Caithfidh gach duine fanacht sa bhaile a oiread agus is féidir, agus oibriú ón mbaile, nuair is féidir. Níor chóir duit bualadh le cairde nó le do mhuintir, mura bhfuil tú ag tabhairt aire dóibh. Má théann tú amach le haghaidh aclaíochta, ní mór duit fanacht laistigh de 5km ó do theach, clúdach aghaidhe a chaitheamh nuair is cuí agus do lámha a ní nuair a fhilleann tú abhaile chun tú féin a chosaint ar ionfhabhtú.

“Má tá COVID ort ba chóir duit tú féin a aonrú agus fanacht sa bhaile, i do sheomra, agus teagmháil le daoine eile a sheachaint. Déantar é seo chun na daoine eile a bhfuil cónaí ort leo a chosaint."

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

CRÍOCH

  • Tá 3 bhás fós á fhiosrú.

**Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh bás amháin. Léiríonn an figiúr 2,768 bás é seo.

***Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 3 chás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 179,324 cás deimhnithe é seo.

Cásanna an lae inniu, ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 19 Eanáir 2021) (ráta minicíochta bunaithe ar dhaonra contae Dhaonáireamh 2016)

Contae
Cásanna an lae inniu (go meán oíche an 19 Ean 2021)
Ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra (go 19 Ean 2021)
Cásanna Nua le 14 lá anuas (go 19 Ean 2021)
Éire
2,488
1,222.8
58,227
Muineachán
91
2,264.4
1,390
Port Láirge
95
1,792.1
2,082
48
1,741.9
2,245
Loch Garman
23
1,695.1
2,538
Ceatharlach
50
1,605.4
914
Luimneach
133
1,594.2
3,107
Maigh Eo
87
1,550.1
2,023
Baile Átha Cliath
726
1,340.4
18,060
An Clár
46
1,285.2
1,527
Corcaigh
314
1,280.4
6,951
Dún na nGall
84
1,189.8
1,894
An Cabhán
55
1,140.8
869
Gaillimh
148
1,041.6
2,688
An Mhí
130
1,012.6
1,975
Cill Chainnigh
31
990.6
983
Tiobraid Árann
76
970.8
1,549
Cill Dara
112
933.9
2,078
Ros Comáin
12
866.1
559
Laois
38
851.3
721
Uíbh Fhailí
32
806.8
629
Ciarraí
53
796.2
1,176
Cill Mhantáin
33
671.2
956
Sligeach
25
656.1
430
An Iarmhí
29
588.0
522
Longfort
11
516.2
211
Liatroim
6
468.1
150

Meán gluaiseachta 5 lá 2,556

Minicíocht 7 lá 424.8

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat