Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Céadaoin an 22 Iúil 2020
- Foilsithe: 22 Iúil 2020
- An t-eolas is déanaí: 4 Lúnasa 2020
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil duine amháin le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Tá 1,754 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.
Amhail meán oíche Dé Máirt an 21 Iúil, cuireadh 17 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 25,819 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.
Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Príomhoifigeach Leighis Gníomhach, an Roinn Sláinte:
"Tuigim cé chomh deacair is atá sé do dhaoine a gcuid gníomhaíochtaí sóisialta a theorannú agus scaradh fisiceach a choinneáil ó chairde agus ó ghaolta.
"Tá na gníomhartha seo ríthábhachtach dár n-iarracht chomhchoiteann chun an galar an-tógálach seo a chur faoi chois agus muid ag obair i dtreo ár scoileanna agus ár seirbhísí cúram sláinte a athoscailt, agus chun ár n-oibrithe cúram sláinte a bhí ag líne tosaigh na paindéime seo le sé mhí anuas a chosaint."
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
CRÍOCH