Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Céadaoin an 23 Meán Fómhair 2020
- Foilsithe: 23 Meán Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil beirt le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Tá 1,794 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.
Amhail meán oíche Dé Máirt an 21 Meán Fómhair, cuireadh 234 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 33,675* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
De na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
- is fir iad 115 / is mná iad 119 díobh
- tá 68% faoi bhun 45 bliana d’aois
- deimhnítear go bhfuil baint ag 49% le ráigeanna nó gur dlúth-theagmhálacha iad le cás deimhnithe
- aithníodh 34 cás mar thras-seoladh pobail
- tá 103 cás i mBaile Átha Cliath, 30 i nDún na nGall, 22 i nGaillimh, 21 i gCorcaigh, 13 i gCill Mhantáin, 12 i Lú, 9 i gCill Dara, 8 sa Mhí, agus na 17 cás eile scaipthe ar fud 10 gcontae
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
Dúirt an Dr Ronan Glynn, Príomhoifigeach Gníomhach Leighis, an Roinn Sláinte:
"Is é an rud is tábhachtaí a chaithfidh daoine ar fud na tíre a dhéanamh anois ná a gcuid teagmhálacha sóisialta a laghdú.
"Ní mór dúinn go léir gearradh siar ar ghníomhaíochtaí sóisialta lánroghnacha. Ciallaíonn bualadh le níos lú daoine go bhfuil níos lú deiseanna don víreas scaipeadh. Tabhair tosaíocht le do thoil do na daoine a roghnaíonn tú bualadh leo agus déan iarracht do líonra sóisialta a choinneáil chomh beag agus is féidir."
Dúirt an Dr. Una Fallon, Stiúrthóir Sláinte Poiblí, FSS Lár na Tíre:
"Tá COVID-19 an-tógálach, agus is féidir le daoine a bheith tógálach gan siomptóim. Más dlúth-theagmháil tú le cás deimhnithe lean na treoirlínte ar hse.ie. agus cuir srian ar do ghluaiseachtaí ar feadh 14 lá - ná téigh ar scoil nó ag an obair, ná bíodh cuairteoirí i do theach, ná téigh chuig an siopa nó chuig an gcógaslann mura bhfuil sé go hiomlán riachtanach. Mholfainn do gach duine líon na ndaoine a bhfuil tú i ndlúth-theagmháil leo a laghdú."
Dúirt an Dr. Colm Henry, Príomhoifigeach Cliniciúil, FSS:
"Níos luaithe sa phaindéim seo, d’éirigh linn an cuar a chothromú trí chomhchuspóir agus dlúthpháirtíocht. Anois, tá an tasc níos deacra romhainn an víreas a chur faoi chois arís agus muid ag iarraidh suíomhanna oideachais agus cúram sláinte a chosaint.
"Gach uair a laghdaíonn tú do theagmhálacha, a seachnaíonn tú slua, nó a roghnaíonn tú bualadh le chéile lasmuigh, nó a chuimhníonn tú d’achar a choinneáil, bíodh a fhios agat gur cuid den líne tosaigh tú a chosnaíonn ár ndochtúirí, altraí, oibrithe cúram sláinte, agus baill foirne eile atá ag obair go crua ar ár son i gcóras cúram sláinte na hÉireann."
Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach um Shamhaltú Eipidéimeolaíochta na hÉireann:
"Níor tháinig ardú ar mhinicíocht 14 lá ná ar mhinicíocht laethúil le cúpla lá anuas, ach tá sé ró-luath lena rá cibé an bhfuil nó nach bhfuil aon athrú ar phatrún an ghalair. Tá an líon atáirgthe le coicís anuas fós ard, ag idir 1.5 agus 1.7, an ráta fáis idir 5 agus 6.1, agus ag dúbailt gach 12 nó 14 lá.
"Má táimid ag tosú ag cur an víris faoi chois arís, tá sé riachtanach go ndéanfaimis an iarracht seo: ár dteagmhálacha sóisialta a theorannú, teorainn a chur le meascadh idir theaghlaigh. Tá na deich lá amach romhainn ríthábhachtach."
CRÍOCH
- Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 3 chás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 33,675 cás deimhnithe é seo.