Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Céadaoin, an 25 Márta

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 25 Márta 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Tugadh fógra don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil beirt othar in Éirinn ar diagnóisíodh go raibh COVID-19 orthu tar éis bás a fháil.

Is iad na hothair atá i gceist ná bean a chónaigh in oirthear na tíre agus a raibh bunriocht leighis uirthi agus fear a chónaigh in oirthear na tíre.

Tá naoi mbás a bhaineann le COVID-19 ann in Éirinn anois.

Tugadh fógra don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte faoi 235 chás dheimhnithe nua de COVID-19 in Éirinn amhail 1pm, Dé Céadaoin an 25 Márta.

Tá 1,564 chás dheimhnithe de COVID-19 ann in Éirinn anois.

Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) ag obair anois chun aon daoine a bhféadfadh go raibh na hothair i dteagmháil leo a shainaithint chun faisnéis agus comhairle a thabhairt dóibh ar mhaithe le tuilleadh leata a chosc.

Nochtar an méid seo a leanas sna sonraí a d’eisigh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu, mar a bhí an scéal ag meán oíche, Dé Luain an 23 Márta (1,146 chás):

  • baineann 55% de chásanna le fir agus baineann 45% díobh le mná, agus 63 bhraisle ann a chuimsíonn 289 gcás
  • is é aois airmheánach na gcásanna deimhnithe ná 45 bliana d’aois
  • cuireadh 305 chás (26%) san ospidéal
  • díobh sin a cuireadh san ospidéal, ligeadh 39 gcás isteach san Aonad Dianchúraim
  • baineann 283 chás (24%) le hoibrithe cúram sláinte
  • ba i mBaile Átha Cliath a chonacthas an líon ab airde cásanna, agus é cothrom le 559 gcás (57% de na cásanna uile). Ba i gCorcaigh (133 chás) a chonacthas an dara líon ab airde cásanna (11% de na cásanna uile)
  • maidir leis na cásanna sin a bhfuil a stádas tarchuir ar eolas: tá tarchur pobail freagrach as 49% díobh, tá dlúth-theagmháil freagrach as 23% díobh agus tá taisteal thar lear freagrach as 28% díobh

Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Míochaine sa Roinn Sláinte:

"Léiríodh sna sonraí a d’eisíomar inné nach raibh COVID-19 ach ar 6% de na daoine a tástáladh go dtí seo. Is é sin le rá, ní raibh COVID-19 ach ar sheisear as gach 100 duine a thástálamar. Ba ina fhianaise sin a d’athraíomar ár sainiú cáis.

"Athraítear an sainiú cáis mar ghnáthchleachtas agus paindéimí á mbainistiú. Ba mhaith linn ár ráta braite 6% a mhéadú agus an oiread daoine a bhfuil COVID-19 orthu agus is féidir a aimsiú agus a leithlisiú agus, ar an mbealach sin, an leathadh a shrianadh."

Dúirt an Dr Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Míochaine sa Roinn Sláinte:

"Táimid ag féachaint leis na daoine sin atá le tástáil a chur in ord tosaíochta, agus sinn ag díriú sa ghearrthéarma ar dhaoine atá soghonta agus ar na daoine lena mbaineann an baol is mó go nochtfaí iad don víreas."

Dúirt an Dr Colm Henry, Príomhoifigeach Cliniciúil, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte:

"Bhíomar i dteagmháil leanúnach le lia-chleachtóirí ginearálta thar na 24 huaire seo a chuaigh thart. Tá lia-chleachtóirí ginearálta san áit is fearr chun a chur in iúl do dhaoine aonair a bhfuil siomptóim orthu cé acu a theastaíonn nó nach dteastaíonn tástáil uathu. Ar deireadh thiar, ní bheidh aon tionchar ag an tástáil ar chúrsa cliniciúil an ghalair seo. Mar sin, ba cheart d’aon daoine a bhfuil siomptóim orthu iad féin a leithlisiú."

Is féidir faisnéis a fháil ach cuairt a thabhairt ar [nasc seachtrach: www.HSE.ie | suíomh Gréasáin FSS ] nó glao a chur ar líne chabhrach FSS ar 1850 24 1850.

Tiocfaidh an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí le chéile an athuair Déardaoin an 26 Márta chun athbhreithniú a dhéanamh ar ullmhacht leanúnach agus freagairt na hÉireann do COVID-19.

[nasc inmheánach: 71739 | Is féidir leat amharc ar Dheais Faisnéise COVID-19 na Roinne anseo. ]

CRÍOCH

Staitisticí ospidéil

An líon iomlán cásanna
1146
An líon iomlán daoine a cuireadh san ospidéal
305
An líon iomlán daoine a ligeadh isteach san Aonad Dianchúraim
39
An líon iomlán básanna
7
An ráta báis i measc na gcásanna
0.6
An líon iomlán oibrithe cúram sláinte
283
An líon braislí ar tugadh fógra fúthu
63
Aois airmheánach
45
  • Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, Dé Luain an 23 Márta.

Inscne na n-othar

Inscne
Líon
% den Iomlán
Bean
522
45
Fear
624
55
Iomlán
1146
  • Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, Dé Luain an 23 Márta.

An t-aoisraon a ndeachthas i bhfeidhm air

Aoisghrúpa
Líon
% den Iomlán
<1
3
0
1 - 4
2
0
5 - 14
20
2
15 - 24
94
8
25 - 34
228
20
35 - 44
214
18
45 - 54
229
20
55 - 64
165
14
65+
207
18
Níl an aois ar eolas
2
0
Iomlán
1146
  • Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, Dé Luain an 23 Márta.

Conas a bhíonn COVID-19 á leathadh

Tarchur pobail
29%
Dlúth-theagmháil le cás deimhnithe
15%
Taisteal thar lear
18%
Tá an cás fós á imscrúdú
38%
  • Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, Dé Luain an 23 Márta.

Tabhair faoi deara:

I gcás go dtaispeánfaidh toradh tástála go bhfuil COVID-19 ar dhuine agus nach raibh an duine sin thar lear nó nach raibh aon teagmháil aige/aici le cás deimhnithe eile in Éirinn, cuirfear an cás i leith tarchur pobail.

I gcás go dtaispeánfaidh toradh tástála go bhfuil COVID-19 ar dhuine agus go mbeifear in ann é sin a nascadh le cás deimhnithe eile in Éirinn, cuirfear an cás i leith tarchur áitiúil.

Oibrithe cúram sláinte

Baineann an cás leis an taisteal
67
25%
Ní bhaineann an cás le haon taisteal thar lear
180
64%
Tá an cás fós á imscrúdú
36
13%
Iomlán
283
  • Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, Dé Luain an 23 Márta.

Cásanna a cuireadh san ospidéal de réir aoisghrúpa

<5
2
1%
5 - 14
2
1%
15 - 24
15
5%
25 - 34
38
13%
35 - 44
27
9%
45 - 54
57
19%
55 - 64
50
16%
65+
114
37%
  • Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, Dé Luain an 23 Márta.

Cásanna de réir contae

Ceatharlach
≤5
0%
An Cabhán
≤5
1%
An Clár
12
1%
Corcaigh
133
12%
Dún na nGall
11
1%
Baile Átha Cliath
659
57%
Gaillimh
40
3%
Ciarraí
33
3%
Cill Dara
34
3%
Cill Chainnigh
16
1%
Laois
9
1%
Liatroim
≤5
0%
Luimneach
19
2%
An Longford
≤5
1%
18
2%
Maigh Eo
9
1%
An Mhí
24
2%
Muineachán
≤5
0%
Uíbh Fhailí
13
1%
Ros Comáin
≤5
0%
Sligeach
8
1%
Tiobraid Árann
20
2%
Port Láirge
15
1%
An Iarmhí
25
2%
Loch Garman
7
0%
Cill Mhantáin
39
3%
  • Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, Dé Luain an 23 Márta.

Ciallaíonn ≤ 'níos lú ná nó cothrom le'.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat