English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Céadaoin an 26 Lúnasa 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 26 Lúnasa 2020
  • An t-eolas is déanaí: 27 Lúnasa 2020

Níor tuairiscíodh aon bhás nua don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.

Tá 1,777 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.

Amhail meán oíche Dé Máirt an 25 Lúnasa, cuireadh 164 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 28,363* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.

De na cásanna a cuireadh in iúl inniu;

  • Is fir iad 83 / is mná iad 81 acu
  • Tá 65% faoi bhun 45 bliana d’aois
  • Deimhnítear go bhfuil baint ag 80 le ráigeanna nó gur dlúth-theagmhálacha iad le cás deimhnithe
  • Aithníodh 21 cás mar thras-seoladh pobail
  • 93 i mBaile Átha Cliath, 22 i gCill Dara, 10 i dTiobraid Árann, 9 i gCorcaigh, 8 i gCeatharlach, 6 i bPort Láirge, 6 in Uíbh Fhailí agus tá na 10 gcás eile i nGaillimh, Cill Chainnigh, Luimneach, Lú agus Ros Comáin.

Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Príomhoifigeach Gníomhach Leighis, an Roinn Sláinte;

“Chonaiceamar líon suntasach cásanna i mBaile Átha Cliath, Cill Dara, Tiobraid Árann, Luimneach, Corcaigh agus Ceatharlach le roinnt laethanta anuas. Mholfainn do dhaoine i ngach áit an chomhairle sláinte poiblí a leanúint agus meascadh teaghlach a laghdú nuair is féidir.

"Agus muid ag dul isteach san Fhómhar nuair is dóichí go mbeidh siomptóim slaghdáin agus mar a bheadh fliú ag daoine, ná glac le cur chuige 'fan go bhfeicfidh tú'. Is é an chosaint is mó is féidir leat a thabhairt do do theaghlach agus do chairde ná aonrú a luaithe a bhíonn aon siomptóm ort agus teagmháil a dhéanamh le do dhochtúir teaghlaigh ar an bhfón. Cuimhnigh, níor cheart go mbeadh aon táille ar chomhairliúchán le do dhochtúir teaghlaigh ná ar thástáil COVID-19 má theastaíonn ceann uait."

CRÍOCH

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 2 chás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 28,363 cás deimhnithe é seo.