Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Céadaoin an 30 Meán Fómhair 2020
- Foilsithe: 30 Meán Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil duine amháin le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Tá 1,804 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.
Amhail meán oíche Dé Máirt an 29 Meán Fómhair, cuireadh 429 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 36,155* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
De na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
- is fir iad 203 agus is mná iad 226 díobh
- tá 65% faoi bhun 45 bliana d’aois
- deimhnítear go bhfuil baint ag 45% le ráigeanna nó gur dlúth-theagmhálacha iad le cás deimhnithe
- aithníodh 77 cás mar thras-seoladh pobail
- tá 189 cás i mBaile Átha Cliath, 60 i gCorcaigh, 31 i nDún na nGall, 28 i nGaillimh, 18 i gCill Dara, 15 i gCill Mhantáin, 15 sa Chlár, 12 i Luimneach, 9 sa Mhí, 8 i Lú, 7 sa Chabhán, 7 sa Longfort , 6 i Laois, 5 in Uíbh Fhailí, 5 san Iarmhí, agus na 14 chás eile in 8 gcontae
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
Dúirt an Dr Ronan Glynn, Príomhoifigeach Gníomhach Leighis, an Roinn Sláinte:
"Tá 130 duine le COVID-19 san ospidéal tráthnóna - 15 duine le 24 uair an chloig anuas. Le déanaí d’iarramar ar gach duine a gcuid teagmhálacha sóisialta a laghdú faoina leath. Tá an laghdú sin ar líon na ndaoine a mbuailimid leo - agus teagmháil shábháilte le croíghrúpa beag - mar bhunchloch dár gcomhiarracht chun scaipeadh an víris seo agus a thionchar ar ár sláinte agus ar shláinte na ndaoine a bhfuil cion againn orthu a laghdú."
Dúirt an Dr Colm Henry, Príomhoifigeach Cliniciúil, FSS:
"Is é tarchur pobail an bhagairt is mó d’othair agus do bhaill foirne in ospidéil agus in áiseanna cúraim chónaithe. Agus pleananna á ndéanamh agat chun bualadh le cairde an tseachtain seo, glac nóiméad chun machnamh a dhéanamh ar ár n-oibrithe cúram sláinte, a bhí ag an líne tosaigh ó thús na paindéime, in ospidéil, i dtithe altranais agus inár dtithe, ag tabhairt aire dóibh siúd atá tinn agus iad siúd is leochailí ón víreas an-tógálach seo.
"Gach uair a chaitheann tú masc aghaidh, a níonn tú do lámha, a chlúdaíonn tú do chasacht agus a fhanann tú amach ó dhaoine eile, ní amháin go gcuireann do ghníomhartha cosc ar tharchur an víris, ach tá tú ag cosaint daoine aosta agus leochaileacha agus oibrithe cúram sláinte chomh maith."
Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach um Shamhaltú Eipidéimeolaíochta na hÉireann:
"Meastar go bhfuil an uimhir atáirgthe idir 1.2 agus 1.4 anois. Cé go bhfuilimid dóchasach go pointe áirithe faoi Bhaile Átha Cliath, tá líon cásanna réasúnta ard feicthe againn le cúpla lá anuas, agus beidh roinnt laethanta ann fós sula mbeidh an patrún soiléir. Is léir go bhfuil líon na gcásanna ag ardú ar fud na tíre. Caithfimid a bheith ar an airdeall, chun a chinntiú nach dtitimid siar ar an méid atá gnóthaithe againn ar fud na príomhchathrach ó bhogamar go Leibhéal 3, agus chun a chinntiú nach bhfeicimid tuilleadh meatha lasmuigh den phríomhchathair."
Dúirt an Dr Breda Smyth, Stiúrthóir Sláinte Poiblí, FSS an Iarthair:
"Táim ag iarraidh ar dhaoine de gach aois a gcuid féin a dhéanamh chun an víreas seo a chur faoi chois. Tá sé tábhachtach go bhfanfaidh gach duine ceangailte, ach ní mór duit é seo a dhéanamh ar bhealach sábháilte, ó achar cuí, agus go fíorúil a oiread agus is féidir leat. Má tá siomptóim ort, fan sa bhaile, glaoigh ar do dhochtúir chun tástáil a shocrú agus cuir in iúl do na daoine a bhfuil cónaí ort leo faoi a luaithe is féidir. Má fhaigheann tú amach go bhfuil tú i do dhlúth-theagmhálaí, déan tástáil. Cuimhnigh gur galar an-tógálach é COVID-19 a bhféadfadh tionchar tubaisteach a bheith aige ar do shláinte ag aois ar bith."
CRÍOCH
- Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 14 cás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 36,155 cás deimhnithe é seo.