Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Céadaoin an 31 Márta 2021
- Foilsithe: 31 Márta 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil seisear le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Bhásaidh siad sin go léir i mí an Mhárta.
79 aois airmheánach na ndaoine a bhásaigh agus 49 - 87 an raon aoise.
4,687 duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.
Amhail meán oíche, Dé Máirt 30 Márta, cuireadh 411 cás deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. 235,854* cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.
(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh cás amháin. Léiríonn an figiúr de 235,854 cás deimhnithe é seo.)
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
- is fir iad 202 agus is mná iad 209 díobh
- tá 70% faoi bhun 45 bliana d’aois
- 35 aois airmheánach na ndaoine
- 150 i mBaile Átha Cliath, 31 i nDún na nGall, 25 i gCill Dara, 25 i Loch Garman, 21 in Uíbh Fhailí agus tá na 159 cás eile scaipthe ar fud 17 gcontae eile
Amhail 8am inniu, tá 297 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 67 acusan san aonad dianchúraim. Cuireadh 16 in ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Amhail an 28 Márta 2021, bhí 806,541 dáileog den vacsaín COVID-19 tugtha in Éirinn:
- bhí a gcéad dáileog faighte ag 580,857 duine
- bhí a dara dáileog faighte ag 225,684 duine
Dúirt an Dr Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
"In éineacht leis na bunbhearta sláinte poiblí go léir a bhfuil cur amach againn orthu anois, laghdóidh vacsaíniú riosca COVID-19 sa ghearrthréimhse amach romhainn. Laghdóidh sé básmhaireacht go suntasach nuair a bheidh daoine os cionn 70 vacsaínithe go hiomlán ach ní bheidh éifeacht chomh mór sin aige ar dtús ar líon na ndaoine a chuirfear san ospidéal ná in haonaid dianchúraim go dtí go mbeidh vacsaíní faighte ag an mórphobal fásta, go háirithe daoine atá idir 50-69 agus daoine leochaileacha.
"Tá na hocht seachtaine seo romhainn an-tábhachtach mar má ardaíonn líon na ndlúth-theagmhálaithe go suntasach sa tréimhse sin, d’fhéadfadh an ceathrú ráig tarlú a bheadh chomh dona leis an gceann a bhí againn in Eanáir 2021.
"Is féidir linn agus ba cheart dúinn a bheith dóchasach go mbeidh samhradh taitneamhach againn ach idir an dá linn caithfimid leanúint orainn ag obair as lámha a chéile chun ráig eile víris a sheachaint fad is atá dlús á chur againn leis an gclár vacsaínithe sa phobal agus na seirbhísí leighis á gcothabháil."
Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach um Shamhaltú Eipidéimeolaíochta na hÉireann:
"Meastar gur ionann an uimhir atáirgthe agus 1.0 - 1.3 faoi láthair. Má tá an eipidéim ag fás arís anois, meastar go bhfuil an t-am dúbailte 35 lá nó níos faide.
"Agus na rioscaí a bhaineann le meascadh sóisialta anois agus sna míonna amach romhainn a chur i gcomparáid leis an méid a bhí i gceist in 2020, caithfimid an leagan B.1.1.7 a chur san áireamh agus cé chomh héasca a scaipeann sé, agus ní mór dúinn an imdhíonadh mar gheall ar vacsaíniú a chur san áireamh freisin a thabharfaidh cosaint dúinn de réir a chéile agus a fhágfaidh go mbeidh sé níos deacra don víreas a tharchur.
"Cuideoidh an vacsaíniú go mór chun na srianta a scaoileadh sna míonna amach romhainn ach mar sin féin caithfimid gach ar féidir linn a dhéanamh chun scaipeadh an ghalair a choinneáil chomh híseal agus is féidir ionas go mbeifear in ann an vacsaín a thabhairt do dhaoine agus go n-oibreoidh sí."
Dúirt an Dr. Siobhán Ní Bhriain, Síciatraí Comhairleach agus Ceannaire Cúraim Chomhtháite FSS:
"Tá athbhreithniú fós á dhéanamh againn ar chásanna 'COVID fadtéarmach'. Cé go bhfuil an bonn fianaise teoranta go dtí seo, tugann na staidéir atá ar fáil le fios gur thuairiscigh daoine a raibh COVID-19 orthu laghdú i gcáilíocht na beatha lena n-áirítear deacracht níos mó le gnáthghníomhaíochtaí a dhéanamh chomh maith le tuirse, imní agus blas agus nó boladh a chailliúint. Tugann staidéar amháin le fios go bhfuil torthaí níos measa i measc na mban in aois oibre ná na bhfear, sna daoine a cuireadh san ospidéal.
"Ní thuigtear go maith tionchar fadtéarmach siondróim iar-COVID ar an daonra in aois oibre ach d’fhéadfadh sé a bheith suntasach. Is í an chosaint is fearr i gcoinne tionchair fadtéarmacha ar shláinte mar iad siúd a luaitear thuas ná cloí leis an gcomhairle sláinte poiblí. Bí sábháilte trí chloí le do mbolgán agus bain taitneamh as a bheith taobh amuigh."
Dúirt an tOllamh Pete Lunn, an tAonad Taighde Iompraíochta, ESRI:
"Tá comhlíonadh ard go ginearálta, ach tá iompar an mhionlaigh ag cur leis an gcontúirt ina bhfuil muid ar fad. Fiú an mionlach sin déanann siad iarracht cloí leis an gcuid is mó de na srianta ach téann siad ag cuartaíocht i dtithe eile. Bheadh sé níos fearr dá bhféadfadh daoine bualadh le chéile taobh amuigh agus fanacht scartha óna chéile.
"Léiríonn ár dtaighde go bhfuil trí fhachtóir síceolaíochta nasctha le gníomhaíocht shóisialta mhéadaithe: cé chomh buartha atá daoine faoin víreas i gcoitinne, cibé acu a mheasann siad go bhfuil na srianta comhleanúnach, agus an dearcadh pearsanta atá acu ar an gcomhbhabhtáil idir leathadh an víris a chosc i gcoinne ualach na srianta. Suimiúil go leor, ní mheastar go bhfuil baint dhíreach ag tuirse le hiompar. Ní mó an seans go mbrisfidh siad siúd a deir go bhfuil siad an-tuirseach na srianta. Ina ionad sin, is é an rud is tábhachtaí ná an bhfeiceann siad an tairbhe don tsochaí cosc a chur ar scaipeadh an víris."
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal lena n-áirítear sonraí laethúla maidir le Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.
- minicíocht 7 lá 78.4
- meán gluaiseachta 5 lá 509