Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Céadaoin, an 4 Márta 2020
- Foilsithe: 4 Márta 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Tugadh fógra don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte tráthnóna inniu faoi cheithre chás dheimhnithe nua de COVID-19 (Coróinvíreas) in Éirinn.
Is le taisteal ón aon limistéar amháin i dtuaisceart na hIodáile atá thíos leis an víreas a bhaineann na cásanna uile.
Is iad beirt fhear agus beirt bhan ón gcuid thiar den tír atá i gceist.
Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Míochaine sa Roinn Sláinte:
"Is féidir linn a dheimhniú anocht go bhfuil sé chás de COVID-19 ann in Éirinn anois. Tá rianú teagmhála á dhéanamh i leith na gceithre chás nua sin."
Dúirt an Dr Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Míochaine sa Roinn Sláinte;
"Níl aon fhianaise ann go fóill ar tharchur pobail forleathan nó marthanach an víris in Éirinn, mar a chonacthas cheana féin i roinnt tíortha eile den Aontas Eorpach.
"Cé go bhfuil sé chás dheimhnithe de COVID-19 againn in Éirinn anois, leanfaimid ar aghaidh lenár mbearta srianta. Gné lárnach de na bearta sin is ea a chinntiú gurb eol do dhaoine den phobal cad ba cheart dóibh a dhéanamh i gcás go bhfuil siomptóim orthu."
Leatar COVID-19 trí dhlúth-theagmháil leis na sreabháin choirp ó dhuine ionfhabhtaithe (mar shampla, braonáin ó chasacht nó sraoth a dhéanamh). Leatar é freisin trí dhromchlaí a ndearna duine ionfhabhtaithe casacht nó sraoth orthu a thadhall. Tá sé sin ar cheann amháin de na cúiseanna a bhfuil sé ríthábhachtach go nífeadh daoine a lámha go rialta, go gcloífeadh siad le dea-bhéasa riospráide agus go ndéanfadh siad iarracht gan a n-aghaidh a thadhall.
Moltar do dhaoine den phobal cloí le comhairle ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte [nasc seachtrach: www.hse.ie] agus ón Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte [nasc seachtrach: https://www.hpsc.ie/a-z/respiratory/coronavirus/novelcoronavirus/] chun a sláinte féin a chosaint.
Aon duine a thaistil ó limistéar atá thíos leis an víreas sna 14 lá seo a chuaigh thart nó a bhí i ndlúth-theagmháil le cás deimhnithe sna 14 lá seo a chuaigh thart AGUS a bhfuil imní air/uirthi go bhfuil siomptóim COVID-19 (Coróinvíreas) air/uirthi, ba cheart dó/di é/í féin a leithlisiú ó dhaoine eile agus glao a chur ar a lia-chleachtóir ginearálta lom láithreach.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
D’fhorbair an Roinn Sláinte póstaeir chomhairle sláinte poiblí atá ar fáil do dhaoine den phobal le híoslódáil agus le cur ar taispeáint ina n-áitreabh.
Tagann na háiteanna seo a leanas faoin sainiú cáis ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí: an tSeapáin, Singeapór, Hong Cong, an Chóiré Theas, an Iaráin, ceithre réigiún i dtuaisceart na hIodáile (an Lombaird, Veneto, Emilia-Romagna agus Píodmant) agus mórthír na Síne.
- Aon duine a bhí i réigiún atá thíos leis an víreas (mórthír na Síne, an Chóiré Theas, an tSeapáin, Singeapór, Hong Cong, an Iaráin agus na ceithre réigiún lena mbaineann i dtuaisceart na hIodáile) sna 14 lá seo a chuaigh thart AGUS a bhfuil siomptóim air/uirthi, ba cheart dó/di é/í féin a leithlisiú agus glao a chur ar a lia-chleachtóir ginearálta
- Aon duine a bhí i ndlúth-theagmháil le cás deimhnithe COVID-19 sna 14 lá seo a chuaigh thart AGUS a bhfuil siomptóim air/uirthi, ba cheart dó/di é/í féin a leithlisiú agus glao a chur ar a lia-chleachtóir ginearálta lom láithreach
- Aon duine a bhí i réigiún atá thíos leis an víreas (an tSín, an tSeapáin, Singeapór, Hong Cong, an Chóiré Theas, an Iaráin agus na ceithre réigiún lena mbaineann i dtuaisceart na hIodáile) sna 14 lá seo a chuaigh thart agus a bhfuil an tsláinte aige/aici, ba cheart dó/di dul chuig www.HSE.ie [nasc seachtrach: www.HSE.ie] chun comhairle a fháil
Is féidir go rachaidh suas le 14 lá thart sula mbeidh siomptóim COVID-19 (Coróinvíreas) le brath.
Is féidir go n-áireofar iad seo a leanas leis na siomptóim sin:
- Casacht
- Giorra anála
- Deacrachtaí análaithe
- Fiabhras (ardteocht)
Is féidir le COVID-19 (Coróinvíreas) a bheith ina chúis le tinnis níos troime freisin, lena n-áirítear iad seo a leanas:
- Niúmóine
- Giorra anála
- Deacrachtaí análaithe
- Fiabhras (ardteocht)
Áirítear iad seo a leanas leis na nithe is féidir leat a dhéanamh chun tú féin a chosaint ar COVID-19 (Coróinvíreas):
- Nigh do lámha i gceart agus go rialta
- Cumhdaigh do bhéal nó do shrón le ciarsúr páipéir nuair a dhéanann tú casacht nó sraoth
Nigh do lámha i gceart agus go rialta le gallúnach agus uisce nó le glóthach láimhe alcólbhunaithe:
- Tar éis duit casacht nó sraoth a dhéanamh
- Tar éis duit an leithreas a úsáid
- Sula n-íosfaidh tú
- Sula réiteoidh tú bia agus tar éis duit bia a réiteach