Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Céadaoin an 8 Aibreán
- Foilsithe: 8 Aibreán 2020
- An t-eolas is déanaí: 8 Aibreán 2020
- Miondealú ar na 235 bás COVID-19 in Éirinn
- Cásanna amhail Dé Luain an 8 Aibreán 2020
- Staitisticí ospidéil
- Inscne na n-othar
- Raon aoise lena mbaineann
- An chaoi a bhfuil COVID-19 ag scaipeadh
- Cásanna san ospidéal de réir aoisghrúpa
- Cásanna de réir contae
Tugadh fógra don Lárionad Faire um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 25 othar in Éirinn ar diagnóisíodh go raibh COVID-19 orthu tar éis bás a fháil.
- tá 13 básaithe san oirthear, 8 sa tuaisceart, 2 sa deisceart agus 2 in iarthar na tíre
- bhí 10 bean agus 15 fear san áireamh sna daoine
- 80 aois airmheánach na mbásanna a tuairiscíodh inniu
- tuairiscíodh go raibh fadhbanna eile sláinte ag 18 duine
Tá 235 básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.
Tugadh fógra don Lárionad Faire um Chosaint Sláinte go bhfuil 365 cás nua deimhnithe de COVID-19 in Éirinn, amhail 1pm, an 8 Aibreán.
Tá 6,074 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.
Thug an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí ar aird treoir ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) inniu go meastar go bhfuil an riosca go dtarlódh galar trom a bhaineann le COVID-19 san AE agus sa Ríocht Aontaithe measartha don daonra i gcoitinne agus an-ard do ghrúpaí leochaileacha.
Chuir an ECDC in iúl freisin go bhfuil sé ró-luath faoi láthair tús a chur le bearta um scaradh pobail agus fisiceach a chur ar ceal agus gur cheart do Bhallstáit leanúint de chur chuige bunaithe ar shláinte phoiblí maidir le tástáil agus rianú teagmhála a ghlacadh.
Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
"Leanann Éire ag leanúint treoir ECDC maidir le tástáil, rianú teagmhála agus bearta pobail a chur i bhfeidhm ar nós fadú fisiceach agus cocúnú. Is é seo an bealach is éifeachtaí atá againn le scaipeadh an víris seo a mhoilliú agus beatha daoine a shábháil.
“Tá athbhreithniú leanúnach á dhéanamh ar ár dtreoir sláinte poiblí agus tiocfaidh an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí le chéile arís maidin Dé hAoine chun tionchar na mbeart leanúnach a athbhreithniú."
Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
"Dúirt an ECDC go bhfuil an dóchúlacht go leanfaidh scaipeadh COVID-19 an-ard. Tá an baol go sárófar acmhainn an chórais sláinte ard fiú i dtíortha mar Éirinn inar cuireadh srianta suntasacha sláinte poiblí i bhfeidhm.
“Is ar na cúiseanna seo a leanaimid orainn ag iarraidh ar dhaoine fanacht sa bhaile agus comhairle sláinte poiblí a leanúint. Cé go bhfuil a fhios againn go bhfuil na bearta seo deacair go háirithe agus muid ag druidim le deireadh seachtaine saoire bainc grianmhar, tá tionchar ag na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag an bpobal agus tá difríocht dáiríre á déanamh."
Miondealú ar na 235 bás COVID-19 in Éirinn
As na 235 bás COVID-19 in Éirinn:
- tharla 168 cás (72%) i dtimpeallacht ospidéil
- bhí 27 cás (12%) in Aonaid Dianchúraim (ICU)
- bhí fadhbanna sláinte eile ag 190 (81%) cás
- bhí 148 fear agus 67 bean i gceist
- 81 aois airmheánach na ndaoine
Cásanna amhail Dé Luain an 8 Aibreán 2020
Tugadh fógra don Lárionad Faire um Chosaint Sláinte go bhfuil 365 cás nua deimhnithe de COVID-19 in Éirinn, amhail 1pm, an 8 Aibreán.
Tá 6,074 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.
Seo a leanas mar a léiríonn sonraí an HPSC inniu, amhail meán oíche, an 6 Aibreán (5,981 cás):
- is fir iad 46% agus is mná iad 53% díobh, agus baineann 1,288 cás le 299 cnuasach
- 48 aois airmheánach na gcásanna deimhnithe
- cuireadh 1,472 cás (25%) san ospidéal
- díobh siúd a cuireadh san ospidéal, tógadh 224 cás isteach san ICU
- tá baint ag 1,568 cás le hoibrithe cúram sláinte
- tá an líon is mó cásanna i mBaile Átha Cliath le 3,268 cás, (55% de na cásanna go léir) agus i gCorcaigh ina dhiaidh sin le 431 cás (7%)
- díobh siúd a bhfuil a stádas tarchuir ar eolas: is ionann tarchur pobail agus 67%, is ionann dlúth-theagmháil agus 23%, is ionann taisteal thar lear agus 10%
Is féidir leat na sonraí is déanaí a fheiceáil ar Deais COVID-19 (Coróinvíreas).
CRÍOCH
Staitisticí ospidéil
- Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Luain an 6 Aibreán.
Inscne na n-othar
- Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Luain an 6 Aibreán.
Raon aoise lena mbaineann
- Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Luain an 6 Aibreán.
An chaoi a bhfuil COVID-19 ag scaipeadh
- Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Luain an 6 Aibreán.
Tabhair ar aird:
Sa chás go bhfaigheann duine toradh deimhneach ar a dtástáil le haghaidh COVID-19 agus nach raibh sé/sí thar lear nó nach raibh teagmháil aige/aici le cás deimhnithe eile in Éirinn, tugtar tarchur pobail air sin.
Sa chás gur féidir duine toradh deimhneach do COVID-19 a nascadh le cás deimhnithe eile in Éirinn, tugtar tarchur logánta air sin.
Cásanna san ospidéal de réir aoisghrúpa
- Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Luain an 6 Aibreán.
Cásanna de réir contae
- Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Luain an 6 Aibreán.
Ciallaíonn ≤ 'níos lú ná nó cothrom le'.