Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Céadaoin an 8 Iúil 2020
- Foilsithe: 8 Iúil 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Níor tuairiscíodh aon bhás nua don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.
Is é 1,738* líon iomlán na mbásanna a bhaineann le COVID-19 in Éirinn.
Amhail meán oíche Dé Máirt an 7 Iúil, cuireadh 11 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 25,542** cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.
Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Príomhoifigeach Leighis Gníomhach, an Roinn Sláinte;
“Príomhghné dár bhfreagairt ar COVID-19 is ea a chinntiú go dtagann duine ar bith a bhfuil siomptóim acu (casacht, gearranáil, fiabhras, boladh nó blas a chailliúint) chun tosaigh le haghaidh tástála. Ná glac le cur chuige ‘fan go bhfeice tú’. Ba chóir duit féin-aonrú agus teagmháil a dhéanamh le do dhochtúir teaghlaigh gan mhoill.
“Tiocfaidh an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí le chéile arís amárach (Déardaoin an 9 Iúil) chun leanúint lena hathbhreithniú ar fhreagairt agus ullmhacht leanúnach na hÉireann do COVID-19."
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
CRÍOCH
- Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 4 bhás. Léiríonn an figiúr 1,738 é seo.
**Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 7 chás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 25,542 cás deimhnithe é seo.