Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Céadaoin an11 Samhain 2020
- Foilsithe: 11 Samhain 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil beirt le COVID-19 tar éis bás a fháil. De na básanna a tuairiscíodh inniu, tharla ceann amháin acu i mí Dheireadh Fómhair agus tá imscrúdú fós á dhéanamh ar an gceann eile.
Tá 1,965 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn.
Amhail meán oíche Dé Máirt an 10 Samhain, cuireadh 362 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 66,247* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn go dtí seo.
(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 4 chás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 66,247 cás deimhnithe é seo.)
De na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
- Is fir iad 187 / is mná iad 174 díobh
- Tá 55% faoi bhun 45 bliana d’aois
- 41 aois airmheánach na ndaoine
- Tá 90 i mBaile Átha Cliath, 48 i nDún na nGall, 34 i Luimneach, 29 i Lú, 24 i Luimneach agus tá na 137 cás eile scaipthe ar fud 21 chontae eile.
Amhail 2pm inniu tá 280 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 38 díobh sin san ICU. Cuireadh 21 duine san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
“Tá próifíl an ghalair ag feabhsú agus, cé gur treocht dhearfach í seo, ní chiallaíonn sé gur cheart dúinn céim siar a ghlacadh agus gan cloí le treoirlínte sláinte poiblí. Molaim do gach duine a gcuid iarrachtaí a dhúbailt, iarracht a dhéanamh níos lú dlúth-theagmhálacha a bheith agat an tseachtain seo ná mar a bhí an tseachtain seo caite, leanúint ar aghaidh le scaradh sóisialta agus na treoirlínte sláinte poiblí ríthábhachtacha eile a leanúint."
“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil freisin leo siúd atá ag [external-link https://www.youtube.com/watch?v=dpEBBYJ7X_c&t=16s | féin-aonrú ] tar éis toradh deimhneach tástála COVID-19 a fháil; nó a bheith aitheanta mar dhlúth-theagmhálaí le cás deimhnithe. Is beart ríthábhachtach é Féin-aonrú inár n-iarrachtaí srian a choinneáil ar scaipeadh COVID-19 agus tá sé riachtanach go leanfadh gach duine a n-iarrtar orthu féin-aonrú ag déanamh amhlaidh."
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
CRÍOCH
Cásanna an lae inniu, ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 10 Samhain 2020) (ráta minicíochta bunaithe ar dhaonra contae Dhaonáireamh 2016)
Contae | Cásanna an lae inniu (go meán oíche 10 SAMH 2020) | Ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra (28 DF 2020 go 10 SAMH 2020) | Cásanna Nua le 14 lá anuas (28 DF 2020 go 10 SAMH 2020) |
ÉIRE | 362 | 145.0 | 6,904 |
Dún na nGall | 48 | 300.9 | 479 |
Luimneach | 34 | 201.1 | 392 |
An Mhí | 11 | 172.3 | 336 |
Ros Comáin | <5 | 168.9 | 109 |
An Iarmhí | <5 | 162.2 | 144 |
Lú | 29 | 157.5 | 203 |
Baile Átha Cliath | 90 | 154.6 | 2,083 |
Sligeach | 5 | 154.1 | 101 |
Maigh Eo | 9 | 151.7 | 198 |
Laois | <5 | 147.6 | 125 |
Corcaigh | 24 | 146.1 | 793 |
Ciarraí | 17 | 141.5 | 209 |
Longfort | 5 | 139.5 | 57 |
Port Láirge | 11 | 136.0 | 158 |
Cill Chainnigh | 7 | 133.0 | 132 |
An Cabhán | <5 | 132.6 | 101 |
Muineachán | 7 | 125.4 | 77 |
An Clár | 5 | 122.9 | 146 |
Tiobraid Árann | 10 | 117.8 | 188 |
Ceatharlach | <5 | 114.2 | 65 |
Uíbh Fhailí | 11 | 112.9 | 88 |
Gaillimh | 11 | 108.1 | 279 |
Cill Dara | 6 | 101.1 | 225 |
Cill Mhantáin | <5 | 71.6 | 101 |
Loch Garman | <5 | 67.5 | 101 |
Liatroim | <5 | 40.6 | 13 |
NÓTAÍ D’EAGARTHÓIRÍ:
Bhí an ráta minicíochta náisiúnta 14 lá is ísle an 3 Iúil 2020 nuair a bhí an ráta 2.98 cás in aghaidh gach 100,000 den daonra.