Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Domhnaigh 12 Aibreán
- Foilsithe: 12 Aibreán 2020
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2020
- Cásanna amhail Dé hAoine an 10 Aibreán
- Staitisticí ospidéil
- Inscne na n-othar
- Raon aoise lena mbaineann
- An chaoi a bhfuil COVID-19 ag scaipeadh
- Cásanna san ospidéal de réir aoisghrúpa
- Cásanna de réir contae
Tugadh fógra don Lárionad Faire um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 14 othar in Éirinn ar diagnóisíodh go raibh COVID-19 orthu tar éis bás a fháil:
- bhásaigh 12 duine san oirthear agus 2 in iarthar na tíre
- bhí 6 bean agus 8 fear i measc na ndaoine
- 80 aois airmheánach na mbásanna a tuairiscíodh inniu
- tuairiscíodh go raibh fadhbanna eile sláinte ag 10 duine
Tá 334 básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.
Amhail 1pm Dé Domhnaigh an 12 Aibreán, cuireadh an HPSC ar an eolas faoi na cásanna seo a leanas:
- 430 cás deimhnithe breise de COVID-19 a thuairiscigh saotharlanna in Éirinn
- 297 cás deimhnithe breise de COVID-19 a thuairiscigh saotharlann sa Ghearmáin (is léiriú iad sin ar shamplaí a tógadh seachtainí ó shin)
Agus na figiúirí is déanaí ón nGearmáin san áireamh, tá 9,655 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.
Cásanna amhail Dé hAoine an 10 Aibreán
Léiríonn sonraí an HPSC inniu, amhail meán oíche, Dé hAoine an 10 Aibreán (8,496 cás) – lena n-áirítear torthaí na Gearmáine a fuarthas go dtí an dáta sin:
- is fir iad 45% díobh agus is mná 54% díobh, agus baineann 1,653 cás le 383 cnuasach
- 48 aois airmheánach na gcásanna deimhnithe
- cuireadh 1,777 cás (21%) san ospidéal
- díobh siúd a cuireadh san ospidéal, tógadh 261 cás isteach san ICU
- bhain 2,312 cás le hoibrithe cúram sláinte
- tá an líon is mó cásanna i mBaile Átha Cliath le 4,514 cás (53% de na cásanna go léir) agus Corcaigh ina dhiaidh sin le 648 cás (8%)
- díobh siúd a bhfuil a stádas tarchuir ar eolas: is ionann tarchur pobail agus 66%, is ionann dlúth-theagmháil agus 26%, is ionann taisteal thar lear agus 7%
Téigh chuig Deais Faisnéise COVID-19 na Roinne Sláinte chun an fhaisnéis is déanaí faoi chásanna a fháil.
CRÍOCH
Staitisticí ospidéil
- Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé hAoine an 10 Aibreán.
Inscne na n-othar
- Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé hAoine an 10 Aibreán.
Raon aoise lena mbaineann
- Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé hAoine an 10 Aibreán.
An chaoi a bhfuil COVID-19 ag scaipeadh
- Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé hAoine an 10 Aibreán.
Tabhair ar aird:
Sa chás go bhfaigheann duine toradh deimhneach ar a dtástáil le haghaidh COVID-19 agus nach raibh sé/sí thar lear nó nach raibh teagmháil aige/aici le cás deimhnithe eile in Éirinn, tugtar tarchur pobail air sin.
Sa chás gur féidir duine toradh deimhneach do COVID-19 a nascadh le cás deimhnithe eile in Éirinn, tugtar tarchur logánta air sin.
Cásanna san ospidéal de réir aoisghrúpa
- Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé hAoine an 10 Aibreán.
Cásanna de réir contae
- Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé hAoine an 10 Aibreán.
Ciallaíonn ≤ 'níos lú ná nó cothrom le'.