Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Domhnaigh an 14 Feabhra 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 14 Feabhra 2021
  • An t-eolas is déanaí: 15 Feabhra 2021

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 17 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Bhásaigh 15 díobh sin i mí Feabhra agus duine amháin i mí na Nollag.*

80 aois airmheánach na ndaoine a bhásaigh agus 50-92 an raon aoise.

3,948 duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

Amhail meán oíche, Dé Sathairn an 13 Feabhra, cuireadh 788 cás deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. 209,582** cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;

  • Is fir iad 409 / is mná iad 371 díobh
  • Tá 71% faoi bhun 45 bliana d’aois
  • 31 aois airmheánach na ndaoine
  • 315 i mBaile Átha Cliath, 61 i nGaillimh, 59 sa Mhí, 42 i Lú, 33 i gCill Dara agus tá na 278 cás eile scaipthe ar fud na gcontaetha eile go léir.***

Amhail 8am inniu tá 899 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 160 acusan san aonad dianchúraim. Cuireadh 34 duine eile san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Amhail an 8 Feabhra, bhí 261,073 dáileog de vacsaín COVID-19 tugtha in Éirinn:

  • Bhí a gcéad dáileog faighte ag 171,239 duine
  • Bhí an dara dáileog faighte ag 88,834 duine

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal lena n-áirítear sonraí laethúla maidir le Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.

CRÍOCH

  • Tá bás amháin fós á fhiosrú.

**Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 2 chás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 209,582 cás é seo.

***Ba cheart sonraí contae a mheas go sealadach toisc gur córas dinimiciúil é an Córas Ríomhaireachta Idirnáisiúnta um Ghalair Thógálacha (CIDR) agus tá sonraí cáis á mbailíochtú agus á nuashonrú i gcónaí.

  • Minicíocht 7 lá 126.9
  • Meán gluaisteacha 5 lá 932

Cásanna an lae inniu, meán gluaiseachta 5 lá de chásanna nua, ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 13 Feabhra 2021) (ráta minicíochta bunaithe ar dhaonra contae Dhaonáireamh 2016)

Contae
Cásanna an lae inniu*** (go meán oíche 13 Feabh 2021)
Meán Gluaiseachta 5 lá de Chásanna Nua~
Ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra (go 13 Feabh 2021)
Cásanna Nua le 14 lá anuas (go 13 Feabh 2021)
Éire
788
932
277.2
13,198
Muineachán
15
18
513.1
315
Ceatharlach
11
13
368.9
210
Baile Átha Cliath
315
393
368.4
4,964
Uíbh Fháilí
21
26
345
269
Port Láirge
13
23
339.1
394
42
29
339.1
437
Loch Garman
18
24
316.6
474
Gaillimh
61
67
316.2
816
An Mhí
59
41
297.9
581
Laois
13
19
296.4
251
Chill Dara
33
43
280.9
625
Maigh Eo
21
24
275.8
360
An Cabhán
12
15
269.1
205
Luimneach
28
33
257.1
501
An Iarmhí
21
18
253.5
225
An Longfort
8
7
230
94
Dún na nGall
9
16
197.9
315
Corcaigh
28
50
180.9
982
Cill Mhantáin
9
13
173.4
247
Sligeach
5
6
170.9
112
Tiobraid Árann
15
18
153.6
245
Liatroim
<5
4
143.6
46
An Clár
12
11
138.9
165
Cill Chainnigh
10
7
130
129
Ros Comáin
6
6
119.3
77
Ciarraí
<5
8
107.6
159

~Soláthraíonn an meán gluaiseachta 5 lá de líon na gcásanna nua táscaire iomchuí ar líon na gcásanna laethúla reatha laistigh de chontae. Áirítear aon bhailíochtú cásanna a tharla sna laethanta roimhe seo agus réitíonn sé luaineachtaí laethúla/deireadh seachtaine i líon na gcásanna.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat