Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Domhnaigh an 15 Márta
- Foilsithe: 15 Márta 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Tugadh fógra don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu faoi 40 cás deimhnithe nua de COVID-19 in Éirinn.
- 23 fhear, 17 mbean
- Baineann 25 chás le hoirthear na tíre, baineann naoi gcás leis an iarthar agus baineann sé chás leis an deisceart.
Tá dhá bhás a bhaineann le COVID-19 ann in Éirinn.
Tá 169 gcás dheimhnithe de COVID-19 ann in Éirinn anois.
Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) ag obair anois chun aon daoine a bhféadfadh go raibh na hothair i dteagmháil leo a shainaithint chun faisnéis agus comhairle a thabhairt dóibh ar mhaithe le tuilleadh leata a chosc.
Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Míochaine sa Roinn Sláinte:
"Maidir leis an gceiliúradh atá le teacht le haghaidh Lá Fhéile Pádraig, tá an rialtas ag iarraidh ar gach duine den phobal gan freastal ar aon chóisirí i dtithe príobháideacha ná in ionaid eile agus gan na cóisirí sin a eagrú ach oiread i gcás go gcuirfeadh na cóisirí sin saol daoine i mbaol.
"Táthar ag iarraidh ar gach duine a dteagmháil shóisialta a laghdú sa tréimhse ama seo. Gabhann le cóisirí tí/cóisirí COVID-19 na rioscaí céanna a ghabhann le dul chuig teach tábhairne nó chuig club. Dá bhrí sin, níor cheart do dhaoine freastal ar na cóisirí sin ná iad a eagrú. Is inár bpobal atá an víreas anois agus tá sé fúinne an leathadh a shrianadh.
"Seo é an t-am le haghaidh dul i mbun gnímh agus le haghaidh cloí leis an gcomhairle sláinte poiblí a bhímid ag tabhairt."
Dúirt Rachel Kenna, Leas-Phríomhoifigeach Altranais sa Roinn Sláinte:
"Tá oibrithe cúram sláinte ar fud na seirbhíse ag obair faoi choinníollacha neamhghnácha agus iad ag ullmhú don tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag COVID-19.
"Más rud é go n-oibríonn gach saoránach le chéile agus go gcloíonn siad le treoirlínte scartha shóisialta agus le bearta eile a d’fhéadfadh an rialtas a dhéanamh sna seachtainí atá le teacht, beidh freagairt níos láidre againn don víreas. Cabhraigh lenár n-oibrithe cúram sláinte a gcúraimí a chomhlíonadh."
Tiocfaidh an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí le chéile Dé Luain an 15 Márta chun leanúint lena hathbhreithniú ar ullmhacht leanúnach na hÉireann do COVID-19.
CRÍOCH