English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Domhnaigh an 17 Eanáir

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 17 Eanáir 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 13 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Bhain na básanna sin go léir le mí Eanáir.

83 aois airmheánach na ndaoine a bhásaigh agus 66 go 97 an raon aoise. Níor tuairiscíodh aon bhás nua in oibrithe cúram sláinte. Níor tuairiscíodh aon bhás nua i measc daoine faoi bhun 30 bliana d’aois.

2,608 duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

Amhail meán oíche, Dé Sathairn an 16 Eanáir, cuireadh 2,944 cás deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 172,726 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:

  • is fir iad 1,336 agus is mná iad 1,578 díobh
  • tá 57% faoi bhun 45 bliain d’aois
  • 40 aois airmheánach na ndaoine
  • tá 1,065 cás i mBaile Átha Cliath, 306 i gCorcaigh, 181 i nGaillimh, 180 i gCill Dara, 160 i Luimneach agus tá an 1,052 cás eile scaipthe ar fud na gcontaetha eile go léir

Amhail 2pm inniu, tá 1,928 othar a bhfuil COVID-19 orthu san ospidéal, agus tá 195 acusan san aonad dianchúraim. Cuireadh 68 duine eile san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

"Tá an scéal inár n-ospidéil duairc. Táimid ag feiceáil daoine de gach aois á nglacadh isteach san ospidéal agus á dtabhairt isteach in aonaid dianchúraim. Tá leibhéil an ionfhabhtaithe chomh dona sin go bhfuil an seans atá agat COVID-19 a tharchur nó a tholg an-ard, agus tá a fhios againn go mbíonn breoiteacht thromchúiseach agus básmhaireacht mar thoradh ar chuid de na cásanna sin. Níl aon ghrúpa nach mbaineann an chomhairle sláinte poiblí leo. Ní féidir linn muid féin, ár ngaolta agus saoráidí cúram sláinte agus sóisialta a choinneáil slán ach amháin má ghníomhaímid le chéile.

"Agus muid ag féachaint chun cinn go dtí an tseachtain seo chugainn, déan machnamh ar do chuid roghanna agus déan na roghanna cearta. Ná téigh chuig an obair amárach más féidir leat oibriú ón mbaile. Más fostóir tú, déan cianobair do d’fhostaithe a éascú."

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal. Cuimsíonn an deais faisnéis anois maidir le líon na vacsaíní atá tugtha (1ú dáileog).

CRÍOCH