English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Domhnaigh an 19 Nollaig 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 19 Nollaig 2021
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Cuireadh 5,124 cás deimhnithe COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.

Amhail 8am inniu, tá 436 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 107 acusan san aonad dianchúraim.

Is féidir cásanna féideartha Omicron a shainaithint de réir líon na dtorthaí PCR le 'teip sprioc géine S.' Agus an mhodheolaíocht seo á úsáid againn, measaimid go bhfuil thart ar 52% de na cásanna a tuairiscíodh anois mar gheall ar an athraitheach Omicron.

Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte;

“Níor ghlac sé ach coicís ar Omicron a bheith ar an gcineál ceannasach de COVID-19 in Éirinn, rud a léiríonn cé chomh in-tarchurtha is atá an t-athraitheach seo.

“Chuireamar moill ar tharchur an ghalair seo roimhe seo ag baint úsáide as ár mbearta bunúsacha agus ag freagairt láithreach nuair atá muid siomptómach - tá sé thar a bheith tábhachtach go ndéanfaimis gach rud is féidir linn chun an cuar seo a chothromú anois chun básanna gan ghá, riosca do na daoine leochaileacha a chosc agus ár seirbhís sláinte a chosaint.

“Molaim d’aon duine atá incháilithe teanndáileog a fháil é sin a dhéanamh a luaithe is féidir.

“Más féidir leis an gcuid is mó dínn ár dteagmháil shóisialta a laghdú anois, bualadh le daoine eile lasmuigh, oibriú ón mbaile, cinntigh go n-úsáidtear mascanna aghaidhe go cuí, sluaite a sheachaint agus áiteanna taobh istigh a bheith aeráilte go maith. Má tá aon siomptóim COVID-19 agat féin-aonraigh láithreach agus socraigh tástáil PCR, má tá tú i ndlúth-theagmháil le cás deimhnithe, cuir srian le do ghluaiseachtaí."

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir:

Tá staitisticí ar vacsaínithe teanndáileoige ar fáil anois ar Mhol sonraí COVID-19.


Cosaint Ilshraitheach chun cosaint a dhéanamh i gcoinne ionfhabhtú COVID-19. Tá raon póstaer agus comharthaí ar fáil duit le húsáid.

Ní bhíonn tionchar ag éagsúlacht ó lá go lá ar líon na gcásanna COVID-19 a thuairiscítear ar phríomhanailís treochta. Déanann anailísiú thar thréimhse ama níos faide mar sheachtain nó 14 lá, réidh le haon athruithe a thugtar isteach le hamanna próiseála, agus soláthraíonn sí pictiúr níos cobhsaí den treocht.

Beidh líon na bhfógraí maidir le CIDR difriúil ó fhoinsí sonraí FSS eile, mar shampla torthaí dearfacha SARS-CoV-2 arna n-uaslódáil chuig Rianaire Cúraim COVID, ar chúiseanna éagsúla lena n-áirítear:

  • Dídhúbláil ar thástálacha dearfacha leantacha sa duine céanna
  • Sceidil uaslódála éagsúla ag na saotharlanna chuig CCT agus CIDR - déantar taifid dhearfacha a uaslódáil chuig CCT de láimh, ní amhlaidh an cás le CIDR. Is gnách go ndéantar uaslódáil ar CIDR ar an lá nó laistigh de lá amháin ó údarú thoradh na tástála saotharlainne
  • An t-am a ghlacann sé chun an modh dhá chéim fógraí ar CIDR a phróiseáil - tarlaíonn sé seo de ghnáth ar an lá nó laistigh de lá amháin ó uaslódálann saotharlanna taifid dhearfacha ar CIDR
  • D'fhéadfadh líon na gcásanna laethúla athrú de bharr bailíochtú sonraí sa todhchaí.