Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Domhnaigh an 22 Samhain 2020
- Foilsithe: 22 Samhain 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil duine amháin le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Tá 2,023 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.
Amhail meán oíche Dé Sathairn an 21 Samhain, cuireadh 318 cás deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 70,461 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn go dtí seo.
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
- is fir iad 155 agus is mná iad 161 díobh
- tá 73% faoi bhun 45 bliain d’aois
- 28 aois airmheánach na ndaoine
- 126 i mBaile Átha Cliath, 45 i gCorcaigh, 28 i Luimneach, 21 i nDún na nGall, 18 i gCill Dara agus tá na 80 cás eile scaipthe ar fud 18 gcontae eile
Amhail 2pm inniu tá 282 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 31 díobh sin san aonad dianchúraim. Cuireadh 17 duine eile san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
CRÍOCH