Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Domhnaigh, an 25 Deireadh Fómhair 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 25 Deireadh Fómhair 2020
  • An t-eolas is déanaí: 27 Deireadh Fómhair 2020

Níor tuairiscíodh aon bhás nua don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.

Tá 1,882 duine ar fad tar éis bháis de thoradh COVID-19 in Éirinn.

Ag meán oíche, Dé Sathairn, an 24 Deireadh Fómhair, bhí 1,025 cás deimhnithe de COVID-19 curtha in iúl do HPSC. Tá 57,128* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.

Sonraí na gcásanna a fógraíodh inniu;

  • 508 fear / 506 bean
  • Tá 71% faoi 45 bliain d’aois
  • Is é 31 bliain d’aois an aois airmheánach
  • Tá 255 cás i mBaile Átha Cliath, 147 i gCorcaigh, 77 i nGaillimh, 54 i gCill Dara, 53 i nDún na nGall agus tá an 439 cás eile scaipthe i measc 21 contae.

Ag 2pm inniu, tá 315 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 38 díobh sin san Aonad Dianchúraim. Tá 16 othar breise curtha chuig an ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Soláthraítear faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal ar Dheais COVID-19.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, An Roinn Sláinte:

“Más cás deimhnithe thú, má rinne tú tástáil nó má tá siomptóim COVID-19 ort, ní mór duit féin-aonrú le haghaidh 10 lá. Má tá tú i do chónaí le cás nó má cuireadh in iúl duit gur dlúth-theagmhálaí thú, ní mór duit do chuid gluaiseachtaí a theorannú le haghaidh 14 lá. Ba cheart do gach duine eile fanacht sa bhaile, mura bhfuil géarghá leis nó do chuid aclaíochta a dhéanamh, laistigh de 5km ón áit a bhfuil cónaí ort.”

CRÍOCH

Nótaí do na hEagarthóirí:

  • Bhí bailíochtú sonraí in HPSC mar bhonn le 2 chás deimhnithe a bheith á ndífhógairt. Tá sé seo curtha san áireamh i líon na gcásanna deimhnithe - 57,128 cás deimhnithe.

Tá tuilleadh eolais maidir le féin-aonrú curtha i dtoll a chéile ag FSS le fáil anseo. Féach ar fhíseán maidir le conas agus cathain ba cheart duit féin-aonrú curtha i láthair ag an bPríomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan anseo.

Tá tuilleadh eolais maidir le do chuid gluaiseachtaí a theorannú curtha i dtoll a chéile ag FSS le fáil anseo.

Féach ar fhíseán maidir le conas agus cathain ba cheart duit do chuid gluaiseachtaí a theorannú curtha i láthair ag an bPríomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan anseo.

Cásanna an lae inniu, ráta teagmhais 14-lá le haghaidh gach 100,000 den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (ag meán oíche an 24 Deireadh Fómhair 2020) (ráta teagmhais bunaithe ar dhaonra contae Dhaonáireamh 2016)

Contae
Cásanna an lae inniu (go dtí meán oíche an 24DF2020)
Ráta teagmhais 14-Lá le haghaidh gach 100,000 den daonra (11DF2020 go dtí 24DF2020)
Cásanna Nua le 14 lá anuas (11DF2020 go dtí 24DF2020
ÉIRE
1,025
307.5
14,644
An Cabhán
23
966.2
736
An Mhí
50
657.3
1,282
An Iarmh
16
445.0
395
Sligeach
22
427.3
280
Muineachá
19
374.7
230
Gaillimh
77
373.6
964
Corcaigh
147
347.6
1,887
Dún na nGall
53
322.3
513
Loch Garman
15
313.2
469
Cill Dara
54
303.4
675
Luimneach
45
295.0
575
Ciarraí
41
291.8
431
Ceatharlach
16
291.6
166
25
285.5
368
An Longfort
9
281.4
115
Ros Comáin
13
274.2
177
An Clár
21
264.3
314
Baile Átha Cliath
255
256.9
3,461
Maigh Eo
16
246.0
321
Liatroim
<5
243.4
78
Laois
19
232.6
197
Uíbh Fhailí
15
224.5
175
Port Láirge
22
204.9
238
Cill Chainnigh
8
175.3
174
Cill Mhantáin
16
146.0
208
Tiobraid Árann
26
134.8
215

Tugadh an ráta teagmhais náisiúnta 14-lá is ísle faoi deara ar an 3 Iúil 2020 tráth a raibh an ráta cothrom le 2.98 cás le haghaidh gach 100,000 den daonra.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat