English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Domhnaigh an 27 Nollaig 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 27 Nollaig 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 4 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Tá 2,204 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

Amhail meán oíche Dé Sathairn an 26 Nollaig, cuireadh 744 cás deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 86,129* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 9 gcás. Léiríonn an figiúr de 86,129 cás deimhnithe é seo.)

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:

  • is fir iad 388 agus is mná iad 354 díobh
  • tá 64% faoi bhun 45 bliain d’aois
  • 34 aois airmheánach na ndaoine
  • 246 i mBaile Átha Cliath, 131 i gCorcaigh, 51 i Luimneach, 40 i Loch Garman, 33 i nDún na nGall agus tá na 243 cás eile scaipthe ar fud 19 gcontae eile

Amhail 8am inniu tá 324 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 26 acu sin san aonad dianchúraim. Cuireadh 50 duine eile san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

"Tá méadú suntasach tagtha ar líon na ndaoine in ospidéal le coicís anuas ó níos lú ná 190 go 324 inniu. Léiríonn sé seo rian galair atá ag dul in olcas go náisiúnta agus is meabhrú suntasach é ar dhéine an ghalair seo.

"Tháinig méadú breise ar phríomhtháscairí COVID-19 ar fud na tíre agus tá ráta fáis na heipidéime ag luasghéarú le cúpla lá anuas.

"Mar gheall ar an líon laghdaithe tástálacha a rinneadh thar Lá Nollag agus inné, creidimid go bhfuil leibhéil níos airde galair sa phobal ná mar a léiríonn líon na gcásanna a tuairiscíodh inniu. Measaimid, mar sin, go dtiocfaidh méadú mór ar chásanna a thuairisceofar sna laethanta amach romhainn.

"Mura ngníomhóimid anois chun stop a chur le scaipeadh COVID-19, ní bheimid in ann iad siúd inár sochaí is mó atá i mbaol breoiteachta tromchúisí nó báis a chosaint.

"Fan sa bhaile, ná tabhair cuairt ar chairde ná ar mhuintir mura bhfuil cúram riachtanach á sholáthar agat agus ná bíodh cuairteoirí agat i do theach. Lean comhairle sláinte poiblí."

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

CRÍOCH