Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Domhnaigh an 28 Samhain 2021
- Foilsithe: 28 Samhain 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Cuireadh 3,735* cás deimhnithe COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.
Amhail 8am inniu, tá 566 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 117 acusan san aonad dianchúraim.
Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
“Cé go bhfuil go leor airde ar leaganacha nua, tá minicíocht an athraithe delta de COVID-19 fós ró-ard in Éirinn, le hionfhabhtú forleathan sa phobal. Tá a fhios againn go léir na gníomhartha chun leathadh COVID-19 a chosc - sláinteachas maith láimhe, clúdach aghaidhe a chaitheamh, bualadh le daoine eile lasmuigh nuair is féidir agus, nuair a bhíonn tú taobh istigh, fuinneoga a oscailt agus aeráil mhaith a chinntiú, coinneáil amach ó dhaoine eile agus, ar ndóigh, vacsaín agus teanndáileog a fháil nuair atá tú incháilithe.
“Leanann Foireann Faireachais Eipidéimeolaíoch NPHET ag teacht le chéile an deireadh seachtaine seo chun monatóireacht a dhéanamh ar an leagan nua SARS-CoV-2 Athraitheach B.1.1.529 (Omicron) agus tá rialacháin á dtarraingt suas chun éifeacht a thabhairt do na beartais nua um thaisteal agus choraintín.
“Idir an dá linn, moltar dóibh siúd a thaistil ó Bhotsuáin, Eswatini, Leosóta, Mósaimbíc, an Namaib, an Afraic Theas nó an tSiombáib go hÉirinn ón 1 Samhain gur chóir dóibh aonrú agus táistáil PCR a dhéanamh, beag beann ar stádas na siomtóm. Is féidir é seo a chur in áirithe saor in aisce ar HSE.ie."
CRÍOCH
NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR
Ní bhíonn tionchar ag éagsúlacht ó lá go lá ar líon na gcásanna COVID-19 a dtuairiscítear ar anailís ar threochtaí lárnacha. Réitíonn anailísiú thar thréimhse ama níos faide mar sheachtain nó 14 lá, aon éagsúlachtaí a thugtar isteach le hamanta próiseála, agus soláthraíonn sé léargas níos seasmhaí den treocht.
Beidh líon na bhfógraí ar CIDR difriúil ó fhoinsí sonraí FSS eile, cosúil le torthaí dearfacha SARS-CoV-2 a uaslódáiltear chuig an Rianaire Cúraim COVID, ar chúiseanna éagsúla lena n-áirítear:
- Dídhúbláil d’aththástálacha dearfacha sa duine céanna
- Sceidil uaslódála difriúla ag na saotharlanna chuig CCT agus CIDR – is próiseas níos láimhe é uaslódáil thaifid dhearfacha ar CIDR ag saotharlanna ná iad a uaslódáil chuig CCT. Is gnách go ndéantar uaslódáil chuig CIDR ar an lá nó laistigh de lá amháin ó údarú toradh na tástála saotharlainne
- An t-am a theastaíonn chun an modh dhá chéim chun fógraí ar CIDR a phróiseáil – tarlaíonn sé seo de ghnáth ar an lá nó laistigh de lá amháin de shaotharlanna ag uaslódáil taifid dhearfacha ar CIDR
D’fhéadfadh líon na gcásanna laethúla athrú mar gheall ar bhailíochtú sonraí sa todhchaí.
Tá staitisticí ar fáil ar an Deais COVID-19