Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Domhnaigh an 31 Eanáir 2021
- Foilsithe: 31 Eanáir 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 15 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Bhain na básanna sin go léir le mí Eanáir.
84 aois airmheánach na ndaoine a bhásaigh agus 68-99 an raon aoise.
3,307 duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.
Amhail meán oíche, Dé Sathairn an 30 Eanáir, cuireadh 1,247 cás deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. 196,547* cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.
(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 3 chás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 196,547 cás deimhnithe é seo.)
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
- is fir iad 579 agus is mná iad 659 díobh
- tá 60% faoi bhun 45 bliana d’aois
- 39 aois airmheánach na ndaoine
- 430 i mBaile Átha Cliath, 97 i Loch Garman, 87 i gCorcaigh, 84 i Luimneach, 76 i nGaillimh agus tá na 473 cás eile scaipthe ar fud na gcontaetha eile go léir
Amhail 2pm inniu, tá 1,516 othar a bhfuil COVID-19 orthu san ospidéal, agus tá 211 acusan san aonad dianchúraim. Cuireadh 39 duine eile san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
"Tá sé de dhualgas ar fhostóirí a chinntiú, ar an gcéad dul síos, go dtugtar spreagadh do bhaill foirne obair ón mbaile agus i gcásanna nach féidir sin a dhéanamh, go bhfuil a n-ionaid oibre sábháilte don fhoireann agus do chustaiméirí agus go gcomhlíonann siad go hiomlán na bearta um chosc agus rialú ionfhabhtaithe.
"Tá treoir chuimsitheach ag an HPSC maidir le bainistíocht ráigeanna agus bearta rialaithe um ionfhabhtú a chosc ar cheart go mbeadh eolas ag gach fostóir orthu agus iad á gcur i bhfeidhm acu ina n-áitribh. Molaim do gach fostóir agus bainisteoir athbhreithniú a dhéanamh ar a n-ionaid oibre agus a chinntiú go bhfuil bearta éifeachtacha i bhfeidhm acu."
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
CRÍOCH
- minicíocht 7 lá 189.7
- meán gluaisteacha 5 lá 1,342