English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Domhnaigh an 6 Meán Fómhair 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 6 Meán Fómhair 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Níor tuairiscíodh aon bhás nua don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.

Tá 1,777 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.

Amhail meán oíche Dé Sathairn an 5 Meán Fómhair, cuireadh 138 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 29,672 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.

De na cásanna a cuireadh in iúl inniu:

  • is fir iad 59 agus is mná iad 79 díobh
  • tá 67% faoi bhun 45 bliana d’aois
  • deimhnítear go bhfuil baint ag 39% le ráigeanna nó gur dlúth-theagmhálacha iad le cás deimhnithe
  • aithníodh 23 cás mar thras-seoladh pobail
  • 68 i mBaile Átha Cliath, 13 i Luimneach, 9 i nGaillimh, 9 i gCill Dara, 5 i gCorcaigh, 5 i Loch Garman, 5 i gCill Mhantáin, agus na 24 chás eile i gCeatharlach, An Clár, Dún na nGall, Cill Chainnigh, Laois, Liatroim, Longfort, Maigh Eo, an Mhí, Uíbh Fhailí, Ros Comáin, Tiobraid Árann, Port Láirge agus an Iarmhí

Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

CRÍOCH