Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Domhnaigh an 6 Nollaig 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 6 Nollaig 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Níor tuairiscíodh aon bhás nua don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.

Tá 2,099 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

Amhail meán oíche Dé Sathairn an 5 Nollaig, cuireadh 301 cás deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC.

Tá 74,246* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;

  • Is fir iad 133 / is mná iad 168 díobh
  • Tá 64% faoi bhun 45 bliain d’aois
  • 32 aois airmheánach na ndaoine
  • 119 i mBaile Átha Cliath, 32 i nDún na nGall, 16 i gCorcaigh, 13 i gCill Dara, 13 i gCill Chainnigh agus tá na 108 cás eile scaipthe ar fud 18 gcontae eile.

Amhail 2pm inniu tá 231 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 28 díobh sin san aonad dianchúraim.

Cuireadh 8 duine in ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

CRÍOCH

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 3 chás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 74,246 cás deimhnithe é seo.

Cásanna an lae inniu, ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 05 Nollaig 2020) (ráta minicíochta bunaithe ar dhaonra contae Dhaonáireamh 2016)

Contae
Cásanna an lae inniu (go meán oíche 05 Noll 2020)
Ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra (go 05 Noll 2020)
Cásanna Nua le 14 lá anuas

(05 Noll 2020)|

Éire
301
80.7
3842
Dún na nGall
32
224.9
358
Cill Chainnigh
13
171.3
170
12
159.1
205
Luimneach
11
141.1
275
Muineachán
7
128.7
79
Cill Mhantáin
10
120.1
171
Ceatharlach
8
108.9
62
Bhaile Átha Cliath
119
95
1280
Longfort
<5
90.5
37
Tiobraid Árann
7
89.6
143
Maigh Eo
<5
78.9
103
Port Láirge
<5
65.4
76
An Cabhán
6
60.4
46
Uíbh Fhailí
6
59
46
Laois
0
55.5
47
Gaillimh
10
50.8
131
An Mhí
11
50.2
98
Cill Dara
13
48.5
108
Ros Comáin
<5
48
31
Corcaigh
16
38.1
207
Sligeach
0
36.6
24
Ciarraí
<5
33.9
50
An Clár
5
33.7
40
An Iarmhí
0
23.7
21
Loch Garman
<5
19.4
29
Liatroim
<5
15.6
5

Is ionann ráta minicíochta 7 Lá reatha na hÉireann in aghaidh gach 100,000 den daonra agus 42.9.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat