Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí -Dé hAoine 22 Deireadh Fómhair 2021
- Foilsithe: 22 Deireadh Fómhair 2021
- An t-eolas is déanaí: 26 Deireadh Fómhair 2021
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu faoi 2,466 cás dearbhaithe de COVID-19.
Amhail 8rn inniu, tá 457 othar a bhfuil COVID-19 orthu san ospidéal, a bhfuil 90 acu in Aonad Dianchúraim.
Tá an meán gluaisteach 5 lá cothrom le 2,123.
Dúirt An Dochtúir Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, An Roinn Sláinte:
“Beidh níos mó daoine ag bualadh le chéile ar fud na tíre mar gheall ar an deireadh seachtaine saoire bainc. Le treocht reatha an ghalair in Éirinn tá sé tábhachtach go mbeadh gach duine ar an eolas faoi na bearta bunúsacha agus go n-iompraíonn siad iad féin dá réir chun leathadh COVID-19 a theorannú.
“Coinnigh fad sóisialta, caith masc aghaidhe go cuí, nigh do lámh go rialta agus déan do theagmhálacha a bhainistiú. Má tá tú ag bualadh le daoine eile laistigh, cinntigh go bhfuil an seomra aeráilte go maith, seachain suíomhanna plódaithe agus fág má bhraitheann sé mar thimpeallacht bhaolach.
“Bí aireach faoi shiomptóim an ghalair cosúil le fiabhras, casacht, nó siomptóim cosúil le fliú. Má thagann aon siomptóim ort, féin-aonraigh láithreach agus iarr tástáil PCR a luaithe is féidir.
“Inniu agus thar an deireadh seachtaine seo, tá FSS ag leanúint ag oibriú ionad vacsaínithe siúil isteach COVID-19 ar fud na tíre do dhuine ar bith atá 12 bliana d’aois agus níos sine. Molaim go láidir d’aon duine nár fhreastail fós ar a gcéad dáileog de vacsaín COVID-19, nó an dara dáileog má tá sé le bheith acu agus mura bhfuil coinne faighte agat, leas a bhaint as na hionaid vacsaínithe seo an deireadh seachtaine seo. Is féidir leat clárú le haghaidh coinne vacsaíne ar líne nó ar an bhfón chomh maith, nó coinne a chur in áirithe le cógaslann rannpháirteach. Ta na vacsaíní seo an-sábháilte agus éifeachtach ag cosaint i gcoinne na n-éifeachtaí is measa de COVID-19.”