English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé hAoine an 01 Eanáir 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 1 Eanáir 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 11 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Tá 2,248 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

Amhail meán oíche, Déardaoin 31 Nollaig, cuireadh 1,754 cás deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 93,532* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh cás amháin. Léiríonn an figiúr de 93,532 cás deimhnithe é seo.)

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:

  • is fir iad 846 / is mná iad 900 díobh
  • tá 64% faoi bhun 45 bliain d’aois
  • 35 aois airmheánach na ndaoine
  • tá 523 i mBaile Átha Cliath, 296 i gCorcaigh, 180 i nGaillimh, 104 i Maigh Eo, 94 i gCiarraí agus tá na 557 cás eile scaipthe ar fud na gcontaetha eile go léir

Amhail 2pm inniu tá 504 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 47 acu san aonad dianchúraim. Cuireadh 46 duine eile san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

"Is é an treocht is mó a bhfuil imní fúithi i láthair na huaire ná an líon daoine á dtógáil isteach san ospidéal atá ag méadú go tapa - táimid anois ag tógáil isteach idir 50 - 70 duine in aghaidh an lae sa chóras ospidéil. Ar an drochuair, measaimid go rachaidh sé seo in olcas sula bhfeabhsóidh sé. Ní bheidh ár gcóras sláinte in ann déileáil leis an leibhéal tionchair seo.

"Chonaiceamar méadú suntasach freisin ar thástálacha deimhneacha saotharlainne le cúpla lá anuas, rud a léiríonn fíor-mhéadú ar mhinicíocht an ghalair chomh maith leis an moill ar dhaoine teacht chun tosaigh le haghaidh tástála thar thréimhse na Nollag. De réir mar a bhíonn ár gcórais ag teacht suas leis na héifeachtaí seo cuireann siad brú suntasach ar ár gcóras tuairiscithe.

"Thuig muid i gcónaí nach mbeadh líon na dtástálacha deimhneacha nó na gcásanna deimhnithe ina tháscaire chomh hiontaofa le linn thréimhse na Nollag. Tá sé seo tipiciúil maidir le tuairisciú galar tógálach gach bliain thar dhá sheachtain na Nollag agus an Athbhliain.

"Rud atá soiléir ná na bearta atá sainordaithe ag an Rialtas anois agus na hiompraíochtaí nach mór dúinn mar dhaoine aonair a chomhlíonadh. Caithfidh gach duine fanacht sa bhaile seachas le hobair riachtanach a dhéanamh nó cúram riachtanach a thabhairt."

Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach um Shamhaltú Eipidéimeolaíochta na hÉireann NPHET:

"De ghnáth, déanann an HPSC tástálacha a phróiseáiltear agus a thuairiscítear ar lá áirithe a bhailíochtú agus a dheimhniú an lá dar gcionn. Is gá bailíochtú a dhéanamh ar thástálacha deimhneacha a bhraitear i saotharlanna (chun dúbailtí agus tástálacha eile nach gcruthaíonn cásanna nua a bhaint) agus a aistriú chuig bunachar sonraí HPSC sula ndéantar iad a dheimhniú agus a thuairisciú.

"Mar gheall ar líon suntasach tástálacha deimhneacha le cúpla lá anuas tá moill ar thuairisciú foirmiúil. Déanfar níos mó ná 9,000 cás nua breise a thuairisciú sna laethanta amach romhainn. Níl aon tionchar ag an moill tuairiscithe ar bhainistíocht cásanna ná ar rianú teagmhálacha ná ar ár monatóireacht agus samhaltú foriomlán ar an bpaindéim."

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

CRÍOCH