English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé hAoine an 05 Samhain 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 5 Samhain 2021
  • An t-eolas is déanaí: 16 Samhain 2021

Cuireadh 3,903* cás deimhnithe COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.

Amhail 8am inniu, tá 463 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 76 acusan san aonad dianchúraim.

Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

"Inniu táimid ag tuairisciú 3,903 cás deimhnithe de COVID-19. Is ábhar mór imní é seo agus meabhrúchán láidir go bhfuil an víreas seo an-tógálach. Ní aon duine againn sásta faoi chúrsaí mar atá, ach fós fhéin táimid fós i lár paindéime domhanda.

"Bhí Éire chun tosaigh ar thíortha eile in Iarthar na hEorpa maidir leis an gceathrú ráig seo den phaindéim. Táimid ag feiceáil méadú ar mhinicíocht ar fud na mór-roinne ar aon dul leis an méid a chuamar féin tríd le déanaí. Tá roinnt dea-scéala ann sa mhéid gur tháinig laghdú ar líon na ndaoine in aghaidh gach 1000 cás a dteastaíonn uathu dul san ospidéal agus isteach i gcúram criticiúil mar thoradh ar ionfhabhtú COVID-19 de réir mar a laghdaíonn meán-aois na gcásanna agus mar thoradh ar an teanndáileog.

"Cé go dtugann vacsaíní COVID-19 cosaint mhaith ó bhreoiteacht thromchúiseach agus ó ospidéalú, tá a fhios againn gur féidir le daoine atá vacsaínithe go hiomlán an víreas COVID-19 a fháil agus a tharchur. Mar sin féin, má tá tú vacsaínithe, tá seans maith ann nach bhfaighidh tú ach cineál éadrom den ghalar. Seo an phríomhdhifríocht idir an geimhreadh seo agus an geimhreadh seo caite.

"Is é an bealach is fearr is féidir linn muid féin agus ár ngaolta leochaileacha a chosaint, ar an gcéad dul síos, a chinntiú go bhfaighimid vacsaín COVID-19 a luaithe a bheidh sí ar fáil dúinn, lena n-áirítear teanndáileoga.

"Ar an dara dul síos, ní mór dúinn sinn féin a chosaint ar COVID-19 chomh maith agus is féidir linn trí gach gné den chomhairle sláinte poiblí a leanúint. Seo iad na huirlisí a bhfuil cur amach againn go léir orthu - lámha a ní, casacht a chlúdach, maisc a chaitheamh, gníomhaíochtaí lasmuigh nó aeráilte go maith a roghnú nuair is féidir agus scaradh sóisialta. Agus ócáidí sóisialta á bpleanáil agat, coinnigh an chomhairle sláinte poiblí i gcuimhne agus smaoinigh go bhfuil sé de chumhacht agat imeacht mura mbraitheann tú sábháilte.

"Ar an tríú dul síos, má tá aon siomptóim de COVID-19 agat ná bí ag bualadh le daoine eile ar scoil, ag an obair nó go sóisialta - lena n-áirítear i do theach féin. Féin-aonraigh láithreach agus socraigh tástáil.

"Mar fhocal scoir, cé go bhfuil sé iontach athoscailt leanúnach ár sochaí a fheiceáil, tá sé tábhachtach go leanfaimid orainn ag smaoineamh ar na daoine leochaileacha inár saol. Má tá tú ag bualadh le daoine eile, bí aireach ar do theagmhálacha sna laethanta ina dhiaidh sin, smaoinigh go háirithe ar aon duine a mbuailfidh tú leis a d’fhéadfadh a bheith imdhíon-lagaithe nó leochaileach do COVID-19."

  • D'fhéadfadh líon na gcásanna laethúla athrú de bharr bailíochtú sonraí sa todhchaí.

Nóta:

Bhí tionchar ag saincheist theicniúil ar phróiseáil cásanna COVID-19 ar CIDR an 02/11/2021. I bhfianaise an tionchair ar fhógraí CIDR, tá líon na gcásanna laethúla a tuairiscíodh ó 3 Samhain, bunaithe ar thorthaí SARS-CoV-2 a uaslódáladh chuig Rianaithe Cúraim COVID. Is sonraí sealadacha iad na sonraí seo agus ní hionann iad agus cásanna le fógra. Réitíodh an tsaincheist theicniúil agus cuirfear tús arís le tuairisciú cásanna laethúla trí CIDR sna laethanta amach romhainn.